Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 15:21 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus ḃí duine ag gaḃáil an ḃóṫair, n-ar ḃ’ ainim dó Símón Círénéaċ, ag teaċt ó’n dtuaṫ, aṫair Alecsandair agus Rúifis, agus do stadadar é, agus ċuireadar ḟéaċaint air an ċros a ḋ’iompar dó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus duine áiriṫe a ḃí ag dul ṫart, ag teaċt óʼn ḟeirm, Síomon as an Ċuiréin, aṫair Alastair agus Rufuis, ṫug siad air a ċros dʼiomċar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Agus do ḃí duine darḃ ainm Síomón Curénéaċ ag gaḃáil ṫairis, aṫair Alecsandair agus Rúfuis, ṫáinig isteaċ ó’n tuaiṫ, do ċuireadar d’ḟiaċaiḃ air‐sean an ċroċ d’iomċur dó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus dó ċuireadar dfíaċuiḃ ar oglaċ áiriġṫe do ḃí ag gaḃáil ṫárrsa, dar ḃáinm Simón Siréanaċ, (aṫair Alecsander agus Ruṗus,) ṫáinic ón túaiṫ a muiċ, a ċroiċ diomċar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 15:21
12 Iomraidhean Croise  

Agus nuair a ċuadar amaċ fuaradar duine ó Ċíréné, dár ḃ’ainim Símón; agus ċuireadar ḟéaċaint ar an nduine sin dul leó agus a ċros d’iompur.


Agus an t-é ċuirfiḋ ḟiaċaiḃ ort dul leis míle ’ṡlíġ do t’aiṁḋeóin, eiriġ ḋá ṁíle eile leis dod’ ḋeóin.


Agus nuair a ḃí an magaḋ déanta acu faoi do ḃaineadar de an brat corcra, agus ċuireadar a ċuid éadaiġ féin airís uime, agus do rugadar leó é ċun é céasad.


Agus an t-é ná deineann a ċros féin d’iompar agus teaċt am’ ḋiaiḋ, ní féidir dó ḃeiṫ ’n-a ḋeisgiobul agam.


Agus nuair a ḃíodar ’ġá ḃreiṫ leó do rugadar ar ḋuine ó Ċíréné dár ḃ’ainim Símón, agus é ag teaċt isteaċ ó’n dtuaiṫ, agus ċuireadar an ċros ar a ṁuin ċun í ḋ’iompar i ndiaiḋ Íosa.


Agus ag iompar a ċroise ċuaiḋ sé amaċ ċun na h-áite ar a dtugtar Áit an ċloiginn, agus Golgota sa teangain Eaḃra,


Aċ ḃí cuid acu agus Cupriánaiġ ab eaḋ iad agus Curénéaċa, agus nuair a ċuadar isteaċ i n-Antioċ ḃídís ag cainnt leis na Gréagaiġ féin ag taḃairt eóluis ar an dTiġearna Íosa dóiḃ.


Aċ ḃí sa n-eaglais, a ḃí i n-Antioċ fáiḋí agus teagasgóirí, ar a raiḃ Barnabas agus Símón, ar a dtugtí Símón Duḃ, agus Lúcius an Curénaċ agus Manaċen, cóṁḋalta Héróid an tetrarc, agus Saul.


Ṗrigia agus Pamṗilia, na h-Éigipte agus na gcríoċ san Libia atá tímpall an Ċiréné, agus daoine iasaċta ó’n Róiṁ,


Ansan d’eiriġ daoine áiriṫe as an sinagóig an a dtugtar sinagóg na libertíneaċ agus na gCurénéaċ agus na n-Alecsandríneaċ agus na ndaoine a ṫáinig ó Ċilicla agus ó Ásia, agus ḃíodar ag aragóint le Stioṗan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan