Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 14:21 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Is fíor go ḃfuil Mac an Duine ag imṫeaċt, fé mar atá sgríoḃṫa ’n-a ṫaoḃ; aċ is ró-ṁairg do’n ḟear san tré a ndéanfar Mac an Duine do ṫaḃairt suas. B’ḟearra ḋo’n ḟear san ná tiocfaḋ sé riaṁ ar an saoġal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

21 Agus téid Mac an Duine go deiṁin do réir mar atá scríoḃṫa fá dtaoiḃ de; aċt is mairg doʼn duine sin le n-a mbraiṫfear Mac an Duine; bʼḟeárr doʼn duine sin dá mḃéaḋ sé gan a ṫeaċt ar an tsaoġal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Óir atá Mac an Duine ag iṁṫeaċt, fá mar atá scríoḃṫa ’n‐a ṫaoḃ: aċt monuar do’n ḟear sin tré n‐a mbraiṫtear Mac an Duine! do b’ḟearr do’n ḟear sin dá mba naċ rugaḋ é ariaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 A tá Mac an duine ag imṫeaċd go firinneaċ, mar a tásgríoḃṫa air: aċd is anáoiḃinn don ḟear úd lé a mbraiṫṫear Mac an duine! do bfearr do nfearsin náċ beirṫí e ríaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 14:21
28 Iomraidhean Croise  

Conus, d’á ḃríġ sin, a cóṁlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a ṫuitim amaċ mar seo.


Aċ tá so go léir déanta ċun go gcóṁlíonfaí scriptiúirí na ḃfáiḋ. Ansan d’ḟág a ḋeisgiobuil go léir é, agus do ṫeiṫeadar.


Agus duḃairt sé leó: Duine de’n dáréag, duine a ċuireaim a láṁ sa n-aon ṁéis liom.


Agus an ḟaid a ḃíodar ag iṫe do ṫóg Íosa arán agus ḃeannuiġ sé é, agus ḃris sé é, agus ṫug sé ḋóiḃ é, agus duḃairt sé: Glacaiḋ, iṫiḋ; is é mo ċorp é seo.


Ḃíos gaċ lá i nḃúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugaḃair orm. Aċ is ċun an sgriptiúra do ċóṁlíonaḋ é.


Is fíos go ḃfuil Mac an Duine ag imṫeaċt, fé mar atá ceapaiṫe, aċ is léanṁar do’n t-é sin tré n-a mbraṫfar é.


Agus duḃairt sé leó: Sidiad na focail a laḃras liḃ nuair a ḃíos fós i nḃúr measg, náċ foláir gaċ níḋ do ċóṁlíonaḋ d’á ḃfuil sgríoḃṫa orm-sa i ndlíġ Ṁaoise agus ins na fáiḋiḃ agus ins na salmaiḃ.


I ’n-a ḋiaiḋ san, ó ḃí ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ níḋ críoċnuiġṫe, ionus go gcóṁlíonfaí an scriptiúir, duḃairt sé: Tá tart orm.


Ċun go nglacfaḋ sé an t-inead seirḃíse agus aspolaċta so do ċaill Iúdás, ionus go raġaḋ sé i n’ áit féin.


Do tugaḋ an duine sin a’ cóṁairle ċinnte agus a’ roiṁeólus Dé, agus do ḋeineaḃairse é ċéasaḋ ċun ḃáis le lámaiḃ na gcuirpṫeaċ.


Óir do ṫáinig i gceann a ċéile, go fíor, sa ċaṫair seo, i n-aġaiḋ do Ṁic naoṁṫa Íosa ar an ċuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan