Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 13:3 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus ḃí sé ’n-a ṡuiḋe ar Ċnoc na n-Olaċrann ar aġaiḋ an teampail, agus ḃí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ġá ḟiafraiġe ḋe, ar leiṫliġ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

3 Agus nuair a ḃí sé ina ṡuiḋe ar Ṡliaḃ na gCrann Ola ós coinne an teampaill, ċeistiġ Peadar agus Séamus agus Eoin agus Aindrias i leat taoiḃ é:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ’n‐a ṡuiḋe ḋó ar ċnoc na nOla‐ċrann os cóṁair an teampaill, d’ḟiafruiġ Peadar, agus Séamas, agus Eoin, agus Aindrias de, ar leiṫliġ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus ar mbeiṫ na ṡuiḋe ḋó ar ṡlíaḃ na Noluiġeaḋ as coṁair an teampuill, do ḟiafruiġ Peadar agus Séumas agus Eóin agus Aindrías ós íseall de,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 13:3
13 Iomraidhean Croise  

Agus ṫáinig na deisgiobuil ċuige agus duḃradar: Cad fá gur i soluídíḃ a laḃrann tú leó?


Ansan do ċuir sé ċun siuḃail an pobul, agus ṫáinig sé isteaċ sa tiġ, agus ṫáinig a deisgiobuil ċuige agus duḃradar: Míniġ dúinn soluíd an ċogail sa ġort.


Agus sé lá ’n-a ḋiaiḋ san do ṫóg Íosa leis Peadar agus Séamus agus Eóin, a ḋriṫáir-sin, agus do rug sé suas iad go bárr cnuic aoírd, fé leiṫ,


Agus nuair a ḃíodar ag teaċt i ngar d’Ierúsalem, agus ḃíodar tagaiṫe go Betṗagé i n-aice ċnuic Oliḃet, ansan do ċuir Íosa uaiḋ beirt deisgiobul,


Agus do ṡuid sé ar ċnoc Oliḃet, agus ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige a gan ḟios, agus duḃradar: Innis dúinn caṫain a ṫuitfid na neiṫe seo amaċ, agus cad a ḃeiḋ mar ċóṁarṫa ar do ṫeaċt-sa, agus ar ḋeire an tsaoġail.


Agus ṫáinig ċuige Séamus agus Eóin, clann Sebedé, agus duḃradar: A Ṁáiġistir, is mian linn go ndéanfá ḋúinn pé níḋ a ḋ’iarrfimíd ort.


Innis dúinn, caṫain a ṫiocfaiḋ na neiṫe seo? agus cad é an cóṁarṫa a ḃeiḋ air, nuair a ṫosnóċaid na neiṫe seo go léir ar ṫeaċt ċun cinn.


Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ go criṫ-eaglaċ agus go dúḃaċ;


Agus níor laḃair sé leó aċ i soluídíḃ; aċ do ṁíniġ sé gaċ aon rud d’á ḋeisgiobulaiḃ i leiṫ taoiḃ.


Agus níor leis sé d’aoinne dul leis aċ Peadar agus Séamus agus Eóin driṫáir Séamuis.


Agus ḃí a ċuid éadaiġ ag taiṫneaṁ ċóṁ geal le sneaċta, ar ċuma ná féadfaḋ aon úcaire ar talaṁ iad do ġealaḋ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan