Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 13:12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Óir déanfaiḋ an driṫáir feall báis ar a ḋriṫáir, agus an t-aṫair ar a ṁac; agus eireóċaiḋ an ċlann i n-aġaiḋ a n-aṫar agus a máṫar, agus imireóċaid siad bás orṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus ḃéarfaiḋ dearḃráṫair dearḃráṫair, agus aṫair mac, suas ċun báis, agus éireoċaiḋ clann i n-aġaiḋ aiṫreaċ agus máiṫreaċ, agus imreoċaiḋ siad bás orṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus do‐ḃéarfaiḋ an dearḃráṫair a ḋearḃráṫair ċum báis, agus an t‐aṫair a ṁac; agus éireoċaiḋ an ċlann i n‐aġaiḋ a n‐aṫar agus a máṫar, agus imreoċaid bás orṫa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Aċd ċeana do ḃéura an dearḃráṫair an dearḃráṫair éile ċum báis, agus an taṫair an mac; agus éireoċuid an ċlann a naġaiḋ a naiṫreaċ agus a maiṫreaċ, agus cuirfid ċum báis íad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 13:12
8 Iomraidhean Croise  

Agus taḃarfaiḋ an driṫáir a ḋriṫáir le cur ċun báis, agus an t-aṫair a ṁac; agus eireóċaid an ċlann i gcoinniḃ a n-aṫar agus a máṫar agus básóċaid siad iad.


Ansan glacfaiḋ a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a ċéile, agus beiḋ fuaṫ acu d’á ċéile.


Agus nuair a ṫaḃarfaid siad leó siḃ ċun siḃ a ṫaḃairt ar láiṁ, ná bacaiḋ a ḃreiṫniú roim ré cad déarfaiḋ siḃ; aċ an rud a taḃarfar daoiḃ an uair sin, abraiḋ é; óir ní siḃ-se a laḃrann, aċ an Spioraid Naoṁ.


Agus beiḋ fuaṫ ag gaċ aoinne ḋaoiḃ mar ġeall ar m’ ainim-se. Aċ an t-é a ḃeiḋ seasaṁaċ go deire isé a raġaiḋ slán.


Agus taḃarfaid ḃúr n-aiṫreaċa agus ḃúr máiṫreaċa suas d’ḃúr naṁaid siḃ, agus ḃúr ndrioṫáraċa, agus ḃúr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaiḃ ċun ḃáis.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan