Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 12:12 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air, aċ ḃí eagla acu roimis an bpobul; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin a ḃí sé sa tsoluíd sin. Agus d’ḟágadar é agus d’imṫíġeadar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

12 Agus ba ṁian leo breiṫ air, aċt ḃí eagla orṫa roiṁ an tsluaġ: óir ḃí a ḟios acu gur fá dtaoiḃ díoḃ féin a laḃair sé an fáiṫscéal seo. Agus dʼḟág siad é, agus ḃog leo.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus do ḃíodar ag iarraiḋ faille ċum greim d’ḟáġáil air, aċt do ḃí eagla an ṗobail orṫa; óir do ṫuigeadar gurab ’n‐a n‐aġaiḋ féin d’innis sé an tsaṁlaoid sin: agus d’ḟágadar é agus d’imṫiġeadar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Agus do iarradarsan breiṫ air, aċd do ḃí eagla an ṗobail orrṫa: óir do ṫuigeadar gur ab na naġaiḋ féin a duḃairt sé an ċosaṁlaċd sin, agus ar na ḟagḃail do imṫiġeadar rompa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 12:12
13 Iomraidhean Croise  

Má abraimíd gur ó neaṁ é, déarfaiḋ sé, Má ’seaḋ, cad ’n-a ṫaoḃ nár ċreideaḃair é? Aċ má abraimíd gur ó ḋaoiniḃ, is baoġal dúinn na daoine; mar fáiḋ ab eaḋ Eóin acu.


Nuair airiġeadar an méid sin ṫáinig iongnaḋ orṫa, agus d’ḟágadar ansan é, agus d’imṫiġeadar.


Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí ag éisteaċt leis, agus ḃíodar ag maċtnaṁ féaċaint conus a ṫiocfaidís ar é ṁarḃú; óir ḃí eagla acu roimis, mar ḃí na daoine go léir ag déanaṁ iongna d’á ṫeagasg.


Agus má deirimíd gur ḃ’ ó ḋaoine é, is baoġal dúinn an pobul; óir, dar leis na daoine, fáiḋ dáiríriḃ ab eaḋ Eóin.


Agus ḃí uaċtaráin na sagart agus na Sgríḃneóirí a d’iarraiḋ a láṁ do ċur air láiṫreaċ, aċ ḃí eagla na ndaoine orṫa; óir ḃí ḟios acu gur ċúċa féin an tsoluíd a laḃair sé.


Agus má deirimíd gur ḃ’ ó daoine é geoḃaid na daoine go léir do ċloċaiḃ ionainn, óir is deiṁin leó gur fáiḋ Eóin.


Agus duḃairt cuid de ṁuintir Ierúsaleim: Nác é seo an t-é go ḃfuilid siad a d’iarraiḋ é ċur ċun báis?


Ansan ḃíodar a d’iarraiḋ beirṫe air, aċ níor ċuir aoinne láṁ ann mar ní raiḃ a ṫráṫ tagaiṫe fós.


Agus ba ṁian le cuid acu breiṫ air; aċ níor ċuir aoinne láṁ air.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan