Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 12:1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus do ċrom sé ar laḃairt leó i soluídíḃ: Do ċuir duine fíonġort, agus ḋein sé fál ’n-a ṫímpal, agus ḋein sé clais ann ċun an ḟíona do ḃrúṫ, agus ċuir sé suas túr ann, agus do ċuir sé é ċun luċt saoṫruiġṫe, agus d’imṫiġ sé i gcéin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ṫoisiġ sé a laḃairt leo i ḃfáiṫscéalta: Ċuir duine fíonġort, agus rinne sé claiḋe ina ṫimċeall, agus ṫoċail sé poll daḃċa, agus ṫóg sé túr, agus ṡuiḋ sé le feirmeoirí é, agus dʼimṫiġ sé ar an ċoigċríċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus do ṫosnuiġ sé ar laḃairt leo i saṁlaoidiḃ. Do ċuir duine áiriṫe fíon‐ġort, agus do ċuir sé fál ’n‐a ṫimċeall, agus do rinne sé clais ann le h‐aġaiḋ daiḃċe an ḟíona, agus do ṫóg se túr, agus ṫug sé ar cíos do scológaiḃ é, agus d’imṫiġ sé go tír eile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus do ṫionnsgain sé laḃairt ríu a gcosaṁlaċdaiḃ. Ag ráḋ, Do ċuir duine áiriġṫe fíneaṁuin, agus do ċuir sé fál na timċeall, agus do ṫoċuil sé ionad brúiġte an ḟióna, agus do ṫóg sé tor, agus tug sé ar ċiós do sgológaiḃ í, agus do ċúaiḋ sé féin a goigcríċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 12:1
38 Iomraidhean Croise  

Agus do ḋein sé a lán cainte leó i ḃfuirm soluídí, agus duḃairt sé: Féaċ, do ċuaiḋ síoladóir amaċ ag cur síl.


Aċ cad é ḃúr dtuairim? Ḃí beirt ṁac ag fear áiriṫe, agus ṫáinig sé ċun an ċéad ṁic, agus duḃairt sé leis: A ṁic, imṫiġ indiu agus dein obair am’ ḟíonġort.


Éistiḋ le soluíd eile. Ḃí fear tiġe ann agus ċuir sé fíonġort, agus ċuir fé fál tímpal air, agus ḋéin sé fásgadóir ann, agus ċuir sé suas túr ann, agus ċuir sé ċun luċt saoṫruiġṫe é, agus d’imṫiġ sé go dúṫaiġ iasaċta.


Agus nuair a ḃí aimsir na dtorṫaí ag teaċt, ċuir sé a ṡeirḃísiġ ag triall ar an luċt saoṫruiġṫe go nglacfaidís an toraḋ ḋó.


Mar, ar nós an ḟir a ḃí ag dul aḃfad ó ḃaile, agus do ġlaoiḋ ċuige a ṡeirḃísiġ, agus ṫug a ċuid dóiḃ,


Agus d’ḟreagradar agus duḃradar le h-Íosa: Ní ḟeadramair. Agus d’ḟreagair Íosa agus duḃairt leó: Ní lúġa ’ná mar a neósfad-sa ḋaoiḃ-se cad é an t-úġdarás atá agam ċun na neiṫe seo ḋéanaṁ.


Ar nós duine a d’ḟág a ṫiġ agus d’imṫiġ i gcéin, agus a ṫug d’á ṡeirḃíseaċaiḃ déanaṁ gaċ oibre, agus a duḃairt leis an ndóirseóir faire ḋéanaṁ;


Agus do ġlaoiḋ sé ċuige iad, agus do laḃair sé leó i soluídíḃ: Conus ḟéadfaḋ Sátan Sátan do ċur amaċ?


Agus ṫug sé mórán teagaisg dóiḃ i soluídíḃ, agus duḃairt leó sa teagasg:


Agus tar éis beagán laeṫanta do ḃailiġ an mac ab óige ċuige a ċuid go léir, agus d’imṫiġ sé go dúṫaiġ iasaċta aḃfad ó ḃaile, agus do sgaip sé a ċuid le baois agus le rabairne.


Duḃairt sé, d’á ḃríġ sin: D’imṫiġ duine uasal áiriṫe go dúṫaiġ iasaċta ċun ríġeaċta ġaḃáil dó féin agus teaċt ṫar n-ais.


Agus duḃradar-san: Canad is toil leat go n-ollaṁóċaimís é?


Agus duḃairt sé leó: Do tugaḋ daoiḃ-se rúndiaṁar ríġeaċta Dé a ḋ’aiṫint; do’n ċuid eile, áṁṫaċ, i ḃfuirm soluídí, i dtreó go ḃfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís.


Sidé a ḃí sa n-eaglais sa n-uaigneas i ḃfoċair an aingil, do laḃair leis ar ċnuc Sína agus le n-ár n-aiṫreaċaiḃ; do ġlac bréiṫre na beaṫa le taḃairt dúinn.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan