Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:2 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus ṫáinig na Fairisíniġ agus ċuireadar an ċeist ċuige, ’ġá ṫriail: An dleaġṫaċ do duine a ḃean ṗósta do ċur uaiḋ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus ṫáinic na Fairisíniġ ċuige gur ḟiafruiġ de, ag cur féaċála air: An ceadṁaċ do ḟear a bean a ċur ar ṡiuḃal?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus ṫáinig na Fairisíniġ ċuige, agus d’ḟiafruiġeadar de, ’g‐a ṫriail. An dleaġṫaċ d’ḟear a ḃean do ċur uaiḋ?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus ar dteaċd do na Ṗairisíneaċuiḃ ċuige, do ḟíafruiġeadar ḋé, dá ṫeasduġaḋ, Nar ċeaduiġeaċ dfior a ḃean do léigean?

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:2
25 Iomraidhean Croise  

Ansan do ṫáinig a ḋeisgiobuil ċuige, agus duḃradar leis. An eol duit go ḃfuil sgannal glacaiṫe ag na Fairisíniġ ó airiġeadar an focal san?


Ansan do ṫáinig ċuige na Fairisíniġ agus na Sadducíniġ ċun triail a ḃaint as; agus d’iarradar air cóṁarṫa ó neaṁ do ṫaisbeáint dóiḃ.


Agus ṫáinig na Fairisíniġ ċuige ’ġá ṫriail, agus duḃradar: An dleaġṫaċ do ḋuine a ḃean do ċur uaiḋ ar gaċ aon tsaġas cúise?


Agus ċeistiġ duine acu é, ollaṁ sa dlíġ, ag baint trialaċ as, agus duḃairt:


Aċ is mairg daoiḃ-se, a Sgríḃneóirí agus a Ḟairisíneaċa, a ċluanaiḋṫe: óir do ḋúnaḃair ríġeaċt na ḃflaṫas i n-aġaiḋ na ndaoine; mar, ní ṫéiġeann siḃ isteaċ, ná ní leigeann siḃ isteaċ na daoine atá ag dul isteaċ.


Aċ deireaḋ na Fairisíniġ: Is le cóṁaċt rí na ndeaṁan a ċuireann sé amaċ na deaṁain.


Agus d’ḟág sé an áit sin, agus ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaéa, lastall de’n Iórdan, agus ḃailiġ na daoine ċuige airís. Agus mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisg sé airís iad.


Agus ’ġá ḃfreagraḋ duḃairt sé: Cad a ḋ’órduiġ Maois daoiḃ?


Agus d’imṫiġ na Fairisíniġ amaċ agus ċromadar ar aiġneas leis, ’ġá iarraiḋ air cóṁarṫa ó neaṁ a ṫaḃairt dóiḃ, ag baint trialaċ as.


Agus ṫug sé foláraṁ dóiḃ agus duḃairt: Féaċaiḋ, agus seaċnaiḋ giost na ḃFairisíneaċ agus giost Héróid.


Agus duḃairt an Tiġearna leis: Anois, a Ḟairisíneaċa, glanann síḃ-se an taoḃ amuiġ de’n ċupán agus de’n ṁéis; agus bíonn an taoḃ istiġ díḃ féin lán de ġadaiḋeaċt agus de ṁalluiġṫeaċt.


Agus ḃí na Fairisíniġ ag éisteaċt leis na neiṫe sin go léir, agus daoine sanntaċa b’eaḋ iad, agus ḃíodar ag déanaṁ magaiḋ faoi.


Agus ḃí na Fairisíniġ agus na Sgríḃneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a ḋeisgiobuil-sin: Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag iṫe agus ag ól i gcuíḃreann puibliocánaċ agus peacaċ?


Agus ḃí na Ṡgríḃneóirí agus na Fairisíniġ ag faire air féaċaint a’ ndéanfaḋ sé an leiġeas lá na sabbóide, agus go mbeaḋ níḋ acu le cur ’n-a leiṫ.


Aċ na Fairisíniġ agus doċtúirí na dliġe, ṫugadar easúṁluiġeaċt do ċóṁairle Dé ’n-a gcoinniḃ féin, óir níor ġlacadar a ḃaisteaḋ-sin.


Ansan do ċruinniġ na h-árdṡagairt agus na Fairisíniġ cóṁairle, agus deiridís: Cad ’tá againn ’á ḋéanaṁ, agus é seo ag déanaṁ a lán mírḃúiltí?


Agus ṫug na h-árdṡagairt agus na Fairisíniġ órdú, da mbeaḋ ḟios ag aoinne cá raiḃ sé, é ḋ’innsint, i dtreó go mbéarfaidís air.


D’airiġ na Fairisíniġ an tsluaġ ag cur ’s ag cúiteaṁ n-a ṫaoḃ ar an gcuma san, agus ċuir na h-uaċtaráin agus na Fairisíniġ oificeaċa ċun beirṫe air.


An dóiġ go gcreideann aoinne de sna h-uaċtaránaiḃ nó de sna Fairisíniġ ann?


Aċ ’ġá ṫriail iseaḋ a duḃradar an ċaint sin le h-ionaċus go ḃféadfaidís rud éigin a ċur ’n-a leiṫ. Agus do ċrom Íosa síos agus ḃí sé ag sgrí le n-a ṁéir ar an dtalaṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan