Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 10:1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus d’ḟág sé an áit sin, agus ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaéa, lastall de’n Iórdan, agus ḃailiġ na daoine ċuige airís. Agus mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisg sé airís iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ar éirġe as sin dó, ṫáinic sé go críoċa Iudaia taoḃ ṫall deʼn Iordáin, agus ċruinniġ na sluaiġte ċuige arís, agus mar ba ġnáṫaċ leis, ṫug sé teagasc arís dóiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ag imṫeaċt dó, ṫáinig sé go críoċaiḃ Iúdaea ar an taoḃ ṫall de Iórnán: agus do ċruinniġ na sluaiġte ċuige arís; agus, mar ba ġnáṫ leis, do ṫeagaisc sé arís iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus ar néirġe, as sin dó, táinic sé go críoċuiḃ Iúdea trés an dtáoḃ ṫall do Iórdan: agus do ċruinniġeadar slúaiġte a rís ċuige; agus, mar buḋ ġnáṫ leis, do ṫeaguisg sé íad a rís.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 10:1
17 Iomraidhean Croise  

An uair sin duḃairt Íosa leis an sluaġ: Ṫánaḃair amaċ ċun beirṫe orm, agus claiḋṁte agus bataí agaiḃ, mar a ṫiocfaḋ siḃ ċun beirṫe ar ḃiṫeaṁnaċ. Ḃíos am’ ṡuiḋe sa teampall gaċ lá ag teagasg i nḃúr measg, agus níor rugaḃair orm.


Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus ċuadar isteaċ i gCaṗarnaum, agus gan ṁoill, sa tsabbóid, ṫéiġeaḋ sé isteaċ sa tsinagóig agus ḋeineaḋ sé teagasg.


Agus ṫáinig na Fairisíniġ agus ċuireadar an ċeist ċuige, ’ġá ṫriail: An dleaġṫaċ do duine a ḃean ṗósta do ċur uaiḋ?


Agus ḃi Íosa ag teagasg sa teampul agus duḃairt sé: Conus adeir na Sgríḃneóirí gur mac do Ḋáiḃid Críost?


Ḃíos gaċ lá i nḃúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugaḃair orm. Aċ is ċun an sgriptiúra do ċóṁlíonaḋ é.


Agus d’imṫiġ sé amaċ airís ċun na faraige, agus do lean na daoine go léir é, agus ḃí sé ’ġá dteagasg.


Agus ṫug sé mórán teagaisg dóiḃ i soluídíḃ, agus duḃairt leó sa teagasg:


Agus ṫáinig an tsabbóid, agus ċuaiḋ sé ag teagasg sa tsinagóig, agus ḋein a lán, nuair airíġeadar é, iongna d’á ṫeagasg, agus deiridís: Ca ḃfuair sé seo na neiṫe seo go léir? agus cad í an eagna a tugaḋ dó, agus a leiṫéid d’oibreaċaiḃ móra agus a déintear tré n-a láṁaiḃ?


Agus ṫáinig Íosa amaċ agus ċonaic sé an tsluaġ ṁór, agus ṫáinig truaġ aige ḋóiḃ, óir ḃíodar mar ḃeaḋ caoire gan aoḋaire, agus ċrom sé ar a lán neiṫe ṫeagasg dóiḃ.


Agus ḋein sé iongna de’n easba creidiṁ a ḃí ionta, agus do ṡiúḃluiġ sé na bailte mór-ṫímpal, ag teagasg.


Agus d’imṫiġ sé airís ṫar Iórdan, ċun na h-áite ’n-a raiḃ Eóin ag baisteaḋ ar dtúis; agus d’ḟan sé ansan.


Ansan, tar a éis sin, duḃairt sé le n-a ḋeisgiobuil: Téiġmís go Iúdaéa airís.


D’ḟreagair Íosa é: Do laḃras go h-osgailte leis an ndoṁan; ḋeineas teagasg i gcóṁnuiġe sa tsinagóig, agus sa teampul, mar a gcruinníġid na Iúdaiġ go léir; agus níor laḃras aon níḋ fé ċeilt.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan