Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:5 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus ḃí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsaleim go léir ag dul amaċ ag triall air, agus ḃí sé ’ġá mbaisteaḋ i n-aḃainn Iórdain, agus iad ag adṁáil a bpeacaí.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Agus ċuaiḋ ceanntar Iudaia go h-uile agus muinntir Ierusalem go h-uile amaċ ċuige, agus baisteaḋ leis iad i n-aḃainn na n-lordáine, agus iad ag adṁáil a bpeacaiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do ċuaiḋ tír Iúdaea uile agus muinntear Iarúsalem amaċ ċuige agus do ḃaist sé iad uile i sruṫ Iórnán agus iad ag adṁáil a bpeacaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus do ċúaiḋ tír Iúdaiġe uile, agus luċd Iérusaléim a maċ ċuige, agus do ḃaisdeaḋ leis íad uile a sruṫ Iordáin, ag adṁáil a bpeacaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:5
15 Iomraidhean Croise  

Agus do lean sluaiġte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaoḃ ṫall de Iórdan.


Ḃí Eóin sa ḃfásaċ ag baisteaḋ agus ag fógairt baiste ċun aiṫriġe agus cun maiṫeaṁnaċais peacaí.


Agus ruainneaċ camail iseaḋ ḃí mar éadaċ ar Eóin, agus crios leaṫair an a ċom, agus isé bia a ḃí aige ’ná lócuistí agus mil ḟiain.


Do ṫárla na neiṫe sin i mBetánia lastall de’n Iórdan, mar a raiḃ Eóin ag baisteaḋ na ndaoine.


Agus ḃí Eóin ag baisteaḋ na ndaoine i n-Aennon i n-aice Ṡalim, mar ḃí coṫrom uisge ann, agus ṫagaḋ na daoine ann agus do baistí iad.


Lóċran ar lasaḋ agus ag taiṫneaṁ ab eaḋ é siúd, agus níor ṁisde liḃ-se ar feaḋ tamaill áṫas a ḋ’ḟáġail ’n-a ṡolus.


Agus ḃíoḋ a lán de’n ṁuinntir a ċreid ag teaċt ag déanaṁ faoisdine agus ag innsint a ngníoṁarṫa.


Agus duḃairt Peadar leó: Déiniḋ, ar seisean, aiṫríġe, agus glacaḋ gaċ duine agaiḃ baiste i n-ainim Íosa Críost, ionus go maiṫfí ḃúr bpeacaí ḋaoiḃ, agus ansan glacfaiḋ siḃ taḃarṫas an Spioraid Naoiṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan