Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:39 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

39 Agus ḃí sé ag seanmóin ins na sinagógaiḃ acu ar fuid Ġaililí go léir, agus ag cur deaṁan amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

39 Agus ḃí sé ag seanmóireaċt ina sineagóga agus ar fud na Gailile go léir, agus ag teilgean amaċ deaṁan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

39 Agus do ċuaiḋ sé isteaċ i n‐a sionagógaiḃ ar fud na Galilé, ag seanmórú agus ag caiṫeaṁ deaṁan amaċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

39 Agus do rinne sé seanmoir an a sionagógaiḃ ar feaḋ na Galilé uile, agus do ṫeilg sé na deaṁain a maċ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:39
10 Iomraidhean Croise  

Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal, ins na caṫraċaiḃ agus ins na bailtiḃ, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta.


Agus ċuadar isteaċ i gCaṗarnaum, agus gan ṁoill, sa tsabbóid, ṫéiġeaḋ sé isteaċ sa tsinagóig agus ḋeineaḋ sé teagasg.


Agus ḃí sa tsinagóig acu duine go raiḃ spioraid neaṁġlan istiġ ann, agus do liúiġ sé amaċ:


Agus duḃairt sé leó: Téiġmís isteaċ ins na sráidiḃ agus ins na bailtiḃ beaga atá i n-ár gcóṁgar go ndeinead craoḃsgaoileaḋ ionta, óir is ċuige sin a ṫánag.


Agus ċuaiḋ sé isteaċ airís sa tsinagóig, agus ḃí duine ann agus ḃí láṁ leis feóċta.


Agus ḋein sé iongna de’n easba creidiṁ a ḃí ionta, agus do ṡiúḃluiġ sé na bailte mór-ṫímpal, ag teagasg.


Agus nuair a ċuaiḋ sí aḃaile ċun a tiġe fuair sí a h-inġean ’n-a luiġe ar a leabaiḋ, agus an deaṁan imṫiġṫe aisti.


Agus nuair a ḃíoḋ na deaṁain ag imṫeaċt amaċ as a lán daoine ḃídís ag liúiriġ, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smaċtuiġeaḋ sé iad agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir d’aiṫniġdís gur ḃ’é Críost e.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan