Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:34 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus do leiġis sé na sluaiġte daoine ó gaċ saġas galair d’á raiḃ orṫa, agus ċuir sé amaċ na sluaiġte deaṁan, agus níor leig sé ḋóiḃ laḃairt, mar d’aiṫníġeadar é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

34 Agus leiġeas sé mórán a raiḃ galair deʼn uile ċinéal ag goillstin orṫa, agus ṫeilg sé amaċ mórán deaṁan, agus níor ċeaduiġ sé dóiḃ laḃairt, mar gur aiṫin siad é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 Agus do leiġeas sé a lán daoine ar a raiḃ galair ilġnéiṫeaċa, agus do ċaiṫ sé amaċ a lán deaṁan; agus níor ċeaduiġ sé do na deaṁanaiḃ laḃairt, mar d’aiṫniġeadar é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Agus ṡlánuiġ sé mórán ar a raḃadar easláinteaḋa ilġnéṫeaċa, agus do ṫeolg sé amaċ mórán deaṁan; agus níor ḟulaing sé do na deaṁnuiḃ a ráḋ, go raiḃ éolus aca air.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:34
6 Iomraidhean Croise  

Agus do ġluais Íosa mór-ṫímpal Ġaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaiḃ, agus ag craoḃsgaoileaḋ soisgéil na ríġeaċta, agus ag leiġeas gaċ galair agus gaċ breóiteaċta d’á raiḃ ar ḋaoine.


Agus do leaṫ a ċlú ar fuid Siria go léir, agus do tugaḋ ag triall air na daoine go léir a ḃí as a sláinte, gaḃṫa le galaraiḃ agus le piantaiḃ, agus daoine go raiḃ deaṁain ionta, agus daoine a ḃí as a meaḃair, agus daoine a ḃí gan lúṫ, agus do leiġis sé iad.


Agus do smaċtuiġ Íosa é agus duḃairt sé: Bí ciúin agus imṫiġ amaċ as an nduine.


Is tusa Mac Dé. Agus ṫugaḋ sé órdú dian dóiḃ gan é ḋ’ḟoillsiú.


Agus nuair a ḃíoḋ na deaṁain ag imṫeaċt amaċ as a lán daoine ḃídís ag liúiriġ, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smaċtuiġeaḋ sé iad agus ní leigeaḋ sé ḋóiḃ laḃairt, óir d’aiṫniġdís gur ḃ’é Críost e.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan