Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Marcus 1:19 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus nuair a ḃí sé imṫiġṫe tamall beag ó’n áit sin ċonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a ḋriṫáir agus iad ag socarú a líonta sa luing;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

19 Agus ar ḋul giota beag as sin dó, ċonnaic sé Séamus, mac Ṡebede, agus Eoin, a ḋearḃráṫair, agus iad ag cóiriuġaḋ a n-eangaċ san luing.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus, ag imṫeaċt dó aċar beag ó’n áit sin, do ċonnaic sé Séamas mac Ṡebedé agus Eoin a ḃearḃráṫair, do ḃí ins an mbád ag cóiriú a líonta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus ar nimṫeaċd dó beagan as sin, do ċonnairc sé Séumas ṁac Sebede, agus Eoin a ḋearḃráṫair, agus íad a luing ag córugbaḋ a líontaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Marcus 1:19
11 Iomraidhean Croise  

Agus ag imṫeaċt ó’n áit sin dó, do ċonaic sé beirt eile driṫár, Séamus mac Sebedé agus a ḋriṫáir Eóin, agus iad sa ḃád i dteannta a n-aṫar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ġlaoiḋ sé ċuige iad.


Agus d’ḟágadar ansan na líonta agus do leanadar é láiṫreaċ.


Agus do ġlaoiḋ sé orṫa láiṫreaċ agus d’ḟágadar ansan sa luing Sebedé a n-aṫair agus a luċt oibre, agus do leanadar eisean.


Agus ṫáinig ċuige Séamus agus Eóin, clann Sebedé, agus duḃradar: A Ṁáiġistir, is mian linn go ndéanfá ḋúinn pé níḋ a ḋ’iarrfimíd ort.


Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus ṫusnuiġ sé ar ḃeiṫ go criṫ-eaglaċ agus go dúḃaċ;


Agus Séamus mac Sebedé agus Eóin a ḋriṫáir, agus ṫug sé Bóanerges orṫa, sé sin maca tóirṫniġe.


Agus níor leis sé d’aoinne dul leis aċ Peadar agus Séamus agus Eóin driṫáir Séamuis.


Agus ḃí a ċuid éadaiġ ag taiṫneaṁ ċóṁ geal le sneaċta, ar ċuma ná féadfaḋ aon úcaire ar talaṁ iad do ġealaḋ.


Ḃí Símón Peadar, agus Tomás an a dtugtar Didimus, agus Natanaél, an fear ó Ċána na Gaililí, agus clann Sebedé, agus ḃeirt eile deisgiobul, agus iad i ḃfocair a ċéile.


Agus nuair a ṫánadar isteaċ ċuadar suas go dtí an seómra uaċtáraċ mar a raiḃ Peadar agus Eóin ag fanṁaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alṗéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis.


Agus do ṁairḃ sé Séamus, driṫáir Eóin, le claiḋeaṁ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan