Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 2:1 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Do ṫárla, áṁṫaċ, ins na laeṫiḃ sin go ndeaġaiḋ reaċt amaċ ó Ċaesar August go ndéanfaí áireaṁ ar an ndoṁan go léir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

1 Agus ṫárla ins na laeṫe sin go ndeaċaiḋ órduġaḋ amaċ ó Ċaesar August go ndéanfaiḋe áireaṁ ar an doṁan go léir.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus ṫarla ins na laeṫiḃ sin go ndeaċaiḋ reaċt amaċ ó Ċéasar August go ndéanfaiḋe cóṁaireaṁ ar an doṁan uile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, go ndeaċuiḋ áiṫne ó Ṡéasar Augustus, an doṁan uile do ṁeas,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 2:1
13 Iomraidhean Croise  

Innis dúinn, d’á ḃríġ sin, cad is dóiġ leat? An ceart cáin do ḋíol le Caesar nó gan a ḋíol?


Agus craoḃsgaoilfar an soisgéal so na ríġeaċta tríd an ndoṁan go léir mar ḟiaḋnaise do sna geintiḃ go léir; agus ansan tiocfaiḋ an críoċnú.


Go deiṁin adeirim liḃ: sé áit ’n-a gcraoḃsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an doṁain go léir, neósfar ann, mar ċuiṁneaṁ uirṫi seo, an níḋ atá déanta aici.


Agus duḃairt sé leó: Gluaisiḋ tríd an ndoṁan go léir agus deiniḋ an soisgéal do ċraoḃsgaoileaḋ do’n uile ċréatúir.


Agus do ġluais na daoine go léir ċun go ndéanfaí iad d’áireaṁ, gaċ aoinne ’n-a ċaṫair féin.


Ċun go ndéanfaí é ḋ’áireaṁ i n-aonḟeaċt le Muire, a ḃan-ċéile a ḃí ag iompar clainne.


Sa ċúigṁaḋ bliain déag d’ímpireaċt Ṫiberias Caesair, nuair a ḃí Pontius Pílát i n’uaċtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a ṫetrarc ar Ġaililí, agus a ḋriṫáir Pilib ’n-a ṫetrarc ar Ituria agus ar ċríċ Traconítis, agus Lisanias ’n-a ṫetrarc ar Abilína,


Agus d’eiriġ duine acu san d’ár ḃ’ ainim Agabus agus ṫug sé le tuisgint, ó’n spioraid, go raiḃ gorta mór le teaċt ar an saoġal go léir, agus do ṫáinig san fé Claudius.


Má tá coir déanta agam, ná aon níḋ do ṫuillfeaḋ ḃás, ní’l aon ċur i gcoinniḃ an ḃáis agam; aċ mura ḃfuil aon níḋ aṁlaiḋ, de sna neiṫiḃ seo atá acu á ċur am leiṫ. ní’l ar ċumas aon duine me ṫaḃairt suas dóiḃ. Gairmim Caesar.


Aċ do ḋein Pól gairm, go gcimeádfí é ċun go n-aireó-ċaḋ Augustus a ċúis, agus d’orduíġeas é ċimeáḋ go gcuirfead ag triall ar Ċaesar é.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan