Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 12:5 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Aċ taisbeánfad daoiḃ cé roimis n-a mbeiḋ eagla agaiḃ: Ḃíoḋ eagla agaiḃ roimis an t-é, tar éis duine ṁarḃú, go ḃfuil ar a ċumas é ċur go h-ifreann. Ḃíoḋ, adeirim liḃ, eagla agaiḃ roimis sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

5 Aċt taisbeánfaiḋ mé díḃ cé roiṁe a mbéiḋ eagla oraiḃ: bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té a ḃfuil cuṁaċt aige duine a ċur go h-ifreann, i ndiaiḋ é a ṁarḃaḋ. Seaḋ, deirim liḃ, bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe-sean.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Inneosad daoiḃ cia roiṁe a mbéiḋ eagla oraiḃ: Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té go ḃfuil ar ċumas dó, tar éis duine do ṁarḃaḋ, é ċur go h‐ifreann; is eaḋ, adeirim liḃ, Bíoḋ eagla oraiḃ roiṁe‐sean.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Aċd foillséoċaiḋ mé ḋáoiḃ cía ré a mbia ḃur neagla: Bíoḋ eagla an ti úd oraiḃ, agá ḃfuil cuṁaċda tair éis duine a ṁarḃaḋ a ṫeilgean go hifrionn; a seaḋ, a deirim riḃ, Bioḋ eagla so oraiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 12:5
16 Iomraidhean Croise  

Agus ná bíoḋ eagla agaiḃ roimis an muintir a ṁarḃuiġeann an corp, agus náċ féidir dóiḃ an t-anam a ṁarḃú; aċ bíoḋ eagla agaiḃ roimis an t-é gur féidir dó idir anam agus corp do ċur go h-ifreann.


Ansan déarfaiḋ sé leis an muintir a ḃeiḋ ar a láiṁ ċlé: Imṫiġiḋ uaim, a ḋream ṁallaiġṫe, isteaċ sa teine ṡióruiḋe do h-ollaṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingealaiḃ;


Agus imṫeóċaid siad san isteaċ i bpiantaiḃ síoruíḋe; agus na fíoraoin isteaċ i mbeaṫa ṡíoruiḋe.


Aċ deirim-se liḃ, gaċ duine atá i ḃfeisg le n-a ḃráṫair beiḋ sé ciontaċ do’n ḃreiṫeaṁantas. An t-é áṁṫaċ a déarfaiḋ le n-a ḃráṫair, Raca, beiḋ sé ciontaċ do’n ċóṁairle. Agus an t-é a déarfaiḋ, A amadáin, beiḋ sé ciontaċ cun teine ifrinn.


Tugaiḋ-se aire, d’á ḃríġ sin; féaċ, tá gaċ níḋ innste agam daoiḃ roim ré.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan