Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Lúcas 11:7 - Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus go ndéarfaḋ an fear istiġ, Ná bí a’m ċráḋ; tá an dorus dúnta, agus tá mo ċlann sa leabaiḋ am’ ṫeannta; ní ḟéadfainn eiriġe agus rud a ṫaḃairt duit;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

7 Agus go n-abróċaḋ seisean ó’n taoiḃ istiġ, ġá ḟreagairt: Ná bí mo ḃoḋraḋ, óir tá an doras druidṫe anois agus tá mo ċlann san leabaiḋ i mo ṫeannta: ní ṫig liom éirġe agus taḃairt duit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 agus go n‐abróċaiḋ seisean atá istiġ, Ná bí ag cur buaiḋearṫa orm; atá an doras dúnta anois, agus atá mo ċlann i n‐éinḟeaċt liom sa leabaiḋ; ní féidir liom éirġe agus rud do ṫaḃairt duit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus go ḃfreigeóraḋ seision a sdiġ, agus go naibeóraḋ sé, Na cuir búaiḋreaḋ oram: atá an doras dúntí a nois, agus ataíd mo ċlann am ḟoċair sa tseómra; ní ḟéaduim éirġe agus a dtaḃairt ḋuit.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Lúcas 11:7
7 Iomraidhean Croise  

Agus an ḟaid a ḃíodar ag dul ’ġá ceannaċ, ṫainig an céile; agus an ṁuintir a ḃí ollaṁ ċuadar isteaċ i n-aonḟeaċt leis ċun na bainise, agus do dúnaḋ an dorus.


Óir do ṫáinig cara ḋom ag triall orm as a ṡlíġ agus ní’l aon níḋ agam le cur os a ċóṁair,


Agus má leanann seisean ag bualaḋ, deirim liḃ, bíoḋ ná n-eireóċaḋ sé agus rud a ṫaḃairt dó toisg gur b’é a ḋuine muintearṫa é, go n-eireóċaiḋ sé agus go dtaḃarfaiḋ sé ḋó pé neiṫe atá i n-easnaṁ air, mar ġeall ar é ḃeiṫ ċóṁ leanaṁnaċ.


Agus nuair a ḃeiḋ fear an tiġe imṫiġṫe isteaċ agus an dorus dúnta aige, tusnóċaiḋ siḃ-se ar ṡeasaṁ amuiġ agus ar an ndorus do ḃualaḋ, agus ar a ráḋ: A Ṫiġearna, osgail dúinn! agus déarfaiḋ sé a’ ḃúr ḃfreagraḋ: Ní ḟeadar cad as daoiḃ-se.


Agus ḃí Íosa ag dul leó, agus nuair a ḃíodar tagaiṫe i n-aċmaireaċt do’n tiġ do ċuir an taoiseaċ céad cáirde leis ag triall air ċun a ráḋ: A Ṫiġearna, ná cuir ṫu féin ċun trioblóide, mar ní fiú mise go dtiocfá fá m’ḋíon isteaċ:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan