Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 99 - Psalma Ḋaiḃí 1836


XCIX Psalm.

1 Ta Dia a Ríoġaċt, a’s críoṫnúġ Bíḋ air a nuile ṡlóiġ; Se ṡuiġeas idir na ċerubíniḋ, ’S an úir do ċriṫ gan ġó.

2 A Sion ta’n Ti’arna mór, Go hárd ós cionn gaċ náen;

3 Ṫ’ainm uaṫḃásac molaidís súd, Oir snáoṁṫa e don táem.

4 Agus is ionṁuin le neart an Ríġ, Fír‐ḃreaṫaṁnus go beaċt; A nIácob breiṫeaṁnus a’s cóir, Cuiriġ tu a ngníoṁ go ceart.

5 An Ti’arna ár nDia árduiġiḋ, A’s sleaċtuiġ ḋo go cáoṁ; Ag stól a ċos go hurramaċ. Oir ta se féin ro náoṁ’,

6 Máois a’s Aáron a measg a ċléir, A’s Sámuel ’measg an dream; Goireas air ’ainm: ġláoiḋ siad air Ḋia, A’s d’freagair iad san am.

7 A nuaiṫne neóil do laḃair se ríu. D’a ḟiaḋnuisiḋe do ġéil; A’s na reaċta do ṫug se ḋóiḃ, Níor raob siad le díṫcéil.

8 Ċualaiġ tu iad a Ṫi’arna Dia, ’S tu nDia do ṁaiṫ a loċd; Aċt díoġaltas rinnis orra fós, Ar son a neasúṁlaċt.

9 Ár nDia Iehoḃah árduiġiḋ, A’s sleaċtuiġe ḋo do ġnáṫ; Aig a ċnoc naoṁṫa; óir ’snaoṁṫa, Ár dTiġearna Dia go bráṫ.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan