Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 92 - Psalma Ḋaiḃí 1836


XCII Psalm.

1 Ḃeiṫ ag taḃairt búiḋeaċais do Ḋia, Is maiseaċ maiṫ an níḋ; A’s psailm a ċánaḋ fós dod’ ainm, Do ṡiór ós cionn gaċ Rí.

2 D’foillsiúġaḋ do ṫrócaire ċeart, Air maidin gaċ aon laé; Agus ṫ’fírinne san oiḋċe fós, Leis a ndrong d’ár b’ait é.

3 Air aḋḃa ċiúil na deiċ dtéud, A’s air an tsaltair ġrinn; ’S air ċláirsiġ re guṫ fonnṁar árd, A ṡeinneas ceol go binn.

4 Óir le do ġníoṁasa, a Ḋé, Luaṫġáireaċ rinnis mé; A’s a noibreaċa fós do láṁ, Gniḋim meanmuin gaċ ré.

5 Cread e méad ṫ’oibreaċa, a Ḋe, Do smuaint’ mar ḋúiḃ’gán ’táid;

6 Duine brúideaṁuil ni ṫuig’ so, No an tóinṁid gan áird.

7 A nuair ḟásaid na cionntaiḋ luaṫ, A níos go tíuḃ mar ḟéur; Tráṫ ḃí’os fós luċt déanta uilc, Ag fás faoi ḃláṫ go léir. Se suid is deireaḋ ḋóiḃ fa ḋéoiġ, Go sgriostar iad do ṡiór;

8 Aċ ṫusa ata go bráṫ a Ḋé, Árd‐urramaċ a’s fíor.

9 Óir féuċ do naiṁde féin a Ḋé, Óir féuċ do naiṁde ġéir; Meiṫfiḋ siad, a’s spréiḋfior fós, Na dáoine olc go léir.

10 Aċ m’aḋarcsa árdóċar suas, Mar únicorn gan spás; Le hola ġlóin neaṁṫruailliġ úr, Úngfair me led’ ġrás.

11 Air m’eascáirdiḃ do ċí mo ṡúil, Mo ṁian, ’scluinfiḋ mo ċluas’; Mo ṫoil air luċt na haingíḋe, A’m’ aġaiḋ éirġios suas.

12 Bláiṫfiġ an fíréun buacaċ breaġ, Mar ċrann ṗailme glas; Mar ċéadar árd air Lebannon, Fásfuiġ go díreaċ bras.

13 Ann luċt a ċuirṫear a steaċ fós, A dtiġ an Ti’arna Dé; A gcúirtiḃ greaḋnaċ árd ár nDia, Sior‐ḃláiṫfiġ siad gaċ ré.

14 San am na mbí’ siad áosṁar liaṫ, Ḃeir siad toraḋ amaċ; A’s bíḋ siad sultṁar le deaġ‐ṁeas, Agus úr méiṫ gaċ neaċ.

15 ’Dfoillsiúġaḋ go ḃfuil mo Ṫi’arna, Mo ċairraic láidir ċeart; Agus ná ḃfuil éigceart air biṫ, San táon sin mór a ḃfeart.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan