Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 85 - Psalma Ḋaiḃí 1836


LXXXV Psalm.

1 Buḋ ġráḋaċ a Ṫi’earna ḃí tú, Dod’ ḋúṫaig aoiḃin féin; Iácob as bráiġdeanas air ais, Ṫug tu arís faoi ṡéun.

2 Cionta do ṗobail ṁaiṫ tu ḋóiḃ, ’S d’foluiġ tu ’nuile loċd;

3 Do ḋíḃfearg uile rug tu leat, A’s d’fíll ón ḟearg ḃí ort.

4 A Ḋé ár slánuiġṫe fíll sin, A’s ṫ’fearg cóiṁead‐si uainn;

5 An mbeiṫ tu feargaċ linn go bráṫ, Dá congḃáil ó ḋín go dín.

6 Naċ ndéantar leatsa ’Ḋia na ngrás, Arís sin aisioc beó; Go ndéanaid do ḋaoine ceart féin, Gáirdíuġ’ ionad gaċ ló.

7 Táisbéun do ṫrócaire ḋuinn ’nois, A Ṫi’arna a’s a Ḋé; A’s deónuiġ ḋuinn do ṡláinte fós, A’s ṫ’furtaċd féin gaċ ré.

8 Cluinfiod cread a déaras Dia ’nois, Le na ḋaoin’ laḃras síṫ; ’S re ná naoṁaiḃ go náċ ḃfillfid, Ċum éigcríonaċt na díṫ.

9 A slánuġaḋ tá ’ngar don drong. D’ár b’eagal é go fíor; Go náitríġioḋ glóir ’nár ndúiṫċe fós, Go marṫanaċ ’s do ṡíor.

10 Ṫa trócáre agus fírinn ġlan, Iar dtárla lé na ċéil; Ta fíréuntaċt agus sioṫċáin, Ag pógaḋ béul re béul.

11 Fásfaiġ as an dtalláṁ a níos, Fírinne go maiseaċ úr; A’s ó neaṁ a nuas fíréuntaċd, Feuċaiḋ orruinn air úir.

12 Is aṁluiġ ḃeir Iehóḃah ḋuinn, Ni maiṫ go toirḃeartaċ; A’s ḃeir ár ḃfearan a’s ár ḃfonn, Deaġ‐ṫoraḋ trom amaċ.

13 Síor‐ġlúaisiḋ ceart a’s fíréuntaċd, Na ḟiaḋnuise go réiḋ; A’s cuirfiḋ inn air sliġe a ċéim, Go díreaċ stuiriġ sé.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan