Psailm 83 - Psalma Ḋaiḃí 1836LXXXIII Psalm. 1 Na bíse a’d’ ṫoċd, anois, na bí, Boġar a Ḋé ár neirt; Na bí a’d’ ċóṁnuiḋe ’nám ár ndíṫ, ’Ḋia ċóṁaċtúiḋe an ċeirt. 2 Óir féuċ a tá do náiṁde tréun, Re feirg a’s buaiḋreaḋ árd. ’S an drong úd leis ḋo ḟuaiṫ’ean tú, A gcinn do ṫóg a náird’. 3 Có’irle uaigneaċ ġab’dar go claon, ’Naġaiḋ do ṁuintire féin; A naġaiḋ d’ aon foluiġeaċ caoṁ, Do ḋealḃadar droċ ṫéuim. 4 A deir siad, tigiḋ linn dá sgrios, O ḃeiṫ nis mó na sluaġ; Do ċum naċ mbíoḋ air Isaréil, Iomráḋ go bráċ ná luaḋ. 5 Re na ċéile ċóṁairlíġeadar, ’S ad’ aġaiḋ ceangal rinn; 6 Pailliúin Édom a’s slioċt Iṡmáel, Móab ’s na Hagarínn’. 7 Gébal, Ammon a’s Amalec, Na Ṗilistíniġ a’s slóiġ Ṫior; 8 Ċeangail Asur leó ’s buḋ ċóngnaṁ iad, Do ċlannaiḃ Loit go fíor. 9 Mar rinneaḋ leat air Ṁidían, ’S air Ṡisera lé ċéil; Air Iábin ag aḃuin Ċíson, Déan orra súd dá réir. 10 Do ṫuit ag Endor a’s do rinn, Mar aoileac iad don lár; 11 Air Óreb mar rinn tú ’s air Séeb, Dean air a nuaisle táir. Mar Ṡéba fós, a’s Salmúnnah, Déan a nuaċtaráin go léir; 12 Duḃairt glacam mar oiġreaċt ċúġain, Tíġṫe an Dé go saor. 13 Dean iad mar roiṫlean, o mo Ḋia, Mar ċonnlaċ ’dul le gaoiṫ; 14 Mar loisgeas teine an ċoill fós, No lasair sléiḃte ċnaóiḋ. 15 Mar sin, léd’ anfáḋ orra súd, Dean ainleanṁúin go dían; Agus búaiḋir iad léd’ ḋoinean ṁóir, Dá ndíbirt ’réir do ṁían. 16 A néadain líon le masla ṁór, Le lasaḋ gruaḋ gaċ ré; Go nuig a nuair a niarṫar leó, Ṫ’ainm ġlórṁar féin a Ḋé. 17 Claoíḋtear agus buaiḋearṫar iad, Go síoruiḋe a’s go Deó; Bíoḋ náire orra a’s meaṫaidís, Gan sosa a’s gan sóḋ. 18 Go mbeiṫ ḟios aco gur tú aṁain, D’ár ainm Iehóḃah tréun; Ṫa’d uaċdarán ós cionn gaċ tír, ’S an dóṁan air fad faói’n ġréin. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society