Psailm 81 - Psalma Ḋaiḃí 1836LXXXI Psalm. 1 Luaṫġáiriġ ċum Dé, fos ḃúr neart, Do Ḋia Iácob ro ḃinn; 2 Glacaiḋ psailm agus tíompán fós, Sailtir a’s cláirseaċ ġrinn. 3 Séidiġ an stoc ’san ġéaluiḋ nuaḋ, A laeṫiḃ ġnáṫaċ féil; 4 Buḋ reaċt súd ag Dia Iácob fós, ’S buḋ ḋlíġeaḋ d’Isráel. 5 Do Ióseṗ d’órduiġ súd mar ṫeist, Tríd a nÉgipt nuair a ċuaiġ; Do ċualaḋ caint a’s cóṁraḋ ann, Nar ṫuigeas iar na luaḋ. 6 Ó’n ualaċ ṡaor me ’ġuala‐san, Ó na hoiġniḃ a láṁ’; 7 A mbuaiḋreaḋ ġoir tusa orram, A’s ṡaor me tu go cáiḋ. A nionad díaṁar na tóirníġe, Do ḟreagair mé do ġlaoiḋ; Láiṁ re huisgeaḋuiḃ Ṁeribah, Do ḋearḃ me ṫú maraon. 8 Éist mo ṗobal a’s ḋéanfad ḋuit, Fíaḋnuise ġlé ġaċ tráṫ; Ma eisteann tú re guṫ mo ḃéil, Ó a Israél do ġnáṫ. 9 Ionadsa na bíoḋ am air biṫ, Dia coiṁṫíġeaċ na claon; ’S do Ḋia cóigċríċe ni ċlaonfair, Tú, ṫu‐féin síos maraon. 10 Is mise an Ti’arna do Ḋia, O ’nÉgirt suas ṫug tú; Go fairsiong forguil‐si do ḃéul, A’s líonfad e le clúḋ. 11 Giḋeaḋ ni ṫug mo ṗobal féin, Éisdeaċt do ġuṫ mo ḃéil; ’S níor úṁlaiġ ḋam an‐ṁuintir úd, Do ġineaḋ ó Isráel. 12 Mar sin do ṁían a gcroiḋe féin, Do léigios dóiḃ imṫeaċt; ’S an a gcóṁairle féin gan ċéill, Do ṡiúḃaladar gan ċeart. 13 Ó dá ngéillfidís mo ṗoball dam, Ag éisteaċt le mo reaċt; A’s fós da ngluaiseaḋ Isaráel, A’m’ ṡliġṫiḃ féin go ceart. 14 A naiṁde smaċtóiġin go luaṫ, Le buaḋ dá leaga síos; A’s d’fíllfin, air a neascáirdiḃ, Mo láṁa dá gcear fá ċíos. 15 Luċt fuaṫa an Ti’arna mar sin, Go fáṫaċ d’úṁlóġ Ḋó; Do ḃeiṫ a naimsir‐sean an ḃúan, A’s marṫanaċ gan ġó. 16 A’s ḃeaṫóċaḋ se iad go húr, Le méuṫus cruinneaċta; ’S a sáiseaṁ fós don ṁil is fearr, As lárr na caraíge. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society