Psailm 8 - Psalma Ḋaiḃí 1836VIII Psalm. 1 Iehoḃa Ḋé, cia mórḋa h’ainm, Air feaḋ gaċ uile ṫír! Do ġlóir do ṡocruiġ tu os cionn Na ḃflaiṫis a’s na spéir. 2 As beul na náoiḋ ’sna ccioċrán máoṫ, ’Ḃriġ d’eascar dorduiġ’s neart, An naṁuid uile coisgiḋ tú, San dioġaltoir miċeart. 3 Do spéuruiḋe traṫ ṫug me fa ndear, Obair do ṁeura féin; An ġealaċ a’s na réulta glan, D’orduiġ tu iad le ċéil. 4 Creud an duine fa ccuiṁniġior air, No ’ṁaċ go fiosraċ leat, 5 An inḃe, a’s beag naċ rinn tu, Mar aingle ard a neart! Do ċuir tu coróin áluinn air, Le maise ’s glóir ṫar ċaċ, 6 Air oibriḃ fós do láṁ air fad Ṫug uaċdara’ċt go bráċ. Gaċ dúil do ċuir fa ċosuiḃ ḋo, Do ċruṫuiġ tusa ’riaṁ: 7 Cáorriġ a’s daiṁ, ’sgaċ ainṁiḋe fós, ’Ta ’g imṫeaċd air an tsliaḃ. 8 Na heanluiṫ ta san aeḋear ṡuas, An tiasg ata ’sa ccuan, ’Sgaċ niḋ ṡiúḃlas air ṫonnuiḃ fós, Sin, ṫug tu ḋó go buan. 9 A Ḋia ar dTiġearna ’s ar dTria T’ainmse naċ uasal é? Air feaḋ gaċ talaṁ a’s gaċ tír. Is mórḋa súd a Ḋé. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society