Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 70 - Psalma Ḋaiḃí 1836


LXX Psalm.

1 Iehoḃah Ḋé, dom ṫeasargann, ’S dom ċongnaḋ deifriġ ort;

2 Biḋ náre orra, ’siad an drong, ’Tá’g iarraiġ m’anam boċt. Filltear an dream úd ár a nais, An loċt ag iarruiġ ṫa; Mor‐aṁgar go raiḃ orra súd, A’s goraḋ gruaiḋ gaċ la.

3 Go ḃḟilltear iadsan air a nais, Mar luaiḋeaċt ċeart da náir’; An dream a deir go fonóideaċ, Aha, aha, le táir.

4 Aoiḃneas a’s luaṫġáir do gaċ neaċ, Ad iarruiġ féin a tá; A’s abraid siad le’r mian do ṡláint, Dia go ma mór do ġnáṫ.

5 Aċt mise taim go hanbḟan boċt, Dom ionnsuiġ greas a Ḋia; M’fear cuidiġ ṫu ’s mó ṡlánuiġṫeóir, Moille na dean, mo Ṫriaṫ.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan