Psailm 7 - Psalma Ḋaiḃí 1836VII Psalm. 1 Sán Tiġearna Dia ta mo ḋóiġ, Orm fortuiġ agus fóir, A’s sáor me fós ó ġérleanṁuin, Ta dluiṫ mo ḋiaiġ ’san tóir. 2 Air eagla, mar ġniḋ leóṁan tréun, Go sgriosfuiḋe m’anam leis: Go stróicfiḋ me a mbloḋuiḃ mion, Gan neaċ le m’fuasclaḋ as. 3 Iehoḃa Ḋé, ma rinneas so; Má ta loċt air mo láiṁ: 4 Ma ḋ’íocas olc don te do ḃí, A síoṫċain leam ’sa ndáiṁ; Ni haṁluiḋe sin, aċ rinn me an tí, A ṫeasairgion go blaiṫ, Do ḃi gan aḋḃar a’s gan ċúis, Na naṁuid ḋaṁ gaċ lá. 5 Leanaḋ mo naṁuid m’anam féin, ’Sglacaḋ se é, ’sgo lár; Saltraḋ mo ḃeaṫa, leagaḋ fós, M’onoír sios le táir. 6 Éirgiḋ, ann d’feirg, tóg suas ṫu féin, Fa ċorruiḋe m’eascar’ ṫréin; A’s ċum na breiṫe d’orduiġ tu, Musguil fam ċúis, a Ḋé. 7 Marsin ċoiṁṫionoluid na slóiġ, Ad ċuairtiuġaḋ gan ċáird; Is uime sin fa’n ccúis a Ḋé Fill féin ċum d’ionuid áird. 8 Breiṫ air an bpobál ḃéarfaḋ Dia: ’Réir m’ionracais déan breiṫ, ’Réir m’fíréuntaċt féin, a Ḋé, Go teann seas air mo leiṫ. 9 O críoċnuiġ olc na ndáoineaḋ ndáoi, Aċt daingniḋ dáoine cóir: ’S fear sgruduiġ croiḋe a’s ransuiġeóir, Dia coṁṫromaċ na nglóir. 10 ’Se Dia mo sgiaṫ, ’s furtoċuiḋe se Do ṁuintir an ċroiḋe ċeirt. 11 ’Sbiaiḋ go cinte air feaḋ gaċ la A ḃfeirg le luċt droiċḃeirt, 12 Muna ḃfillfiġ an dáoi air ais, A ċloiḋeaṁ lioṁfuiġ Dia. Do lúb se ḃoġa go ro ṫeann, Dollṁuiġ se é go dian. 13 Fíor‐urnuis agus innil ḃáis, Do ḋeasuiġ se ḋó féin; Soiġeada rinneaġ léig se amaċ A naġuiḋ luċt ndroiċ‐ṁéin. 14 Mar ṁna le sáoṫar ’s aṁluiḋe sin, An dáoiḋ, le holc ata; An taiṁleas se buḋ toirrċios dó, Bréuga rug se gan stá. 15 Ṫoċuilse a’s do rinne clais, Ṫuit féin san díg do rinn: 16 Ṫuit aiṁleas air a ċloigean féin, A’s urċoid air a ċinn. 17 Do réir ḟírine molfaḋ me, An Tiġearna gaċ am: Do ainm Iehoḃa sinnfiġ me, Oir sé is áirde ann. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society