Psailm 48 - Psalma Ḋaiḃí 1836XLVIII Psalm. 1 Is mor Iehoḃa, Dia na ḃfeart, An ċaiṫir ard ar nDia; A’s air ṡliaḃ ard a naoṁaċt féin, Ionṁolta ċoiḋ ar dTriaṫ. 2 Binn Ṡion ’s breaġa a suiġiuḋaḋ, Aoiḃneas gaċ fearuinn í; Is dluiṫ ḋi air an taoḃ o ṫuaiḋ, Ta Caiṫir an ard‐Riġ. 3 Aiṫniġṫear Dia ’na ṗalásaiḃ, Mar ṫearmuinn an ’sgaċ airc; 4 Óir feuċ, traṫ ḃi na riġṫe cruinn, Le ċeile ġaḃ’dar ṫort. 5 Ċonairc siad súd a’s b’iongnaḋ leó, A’s ḋeifríġeadar as; 6 Ġlac eagal iad an sin a’s pian, Mur ṁnaoi le saoṫar cas. 7 Caḃlaċ Ṫársis le gaoiṫ a nsoir, Min‐ḃristear leat go luaṫ; 8 Mar ċualaḋ ’s aṁluiḋe ċonnárc sinn, A mbaile Riġ na sluaġ. A mbaile ar nDia, se Dia go braṫ, Ġniḋ daingean e le neart; 9 Ad’ ṫeampull air do ċaoiṁneas caoiṁ, Ḋia smuainiḋ sinn go ceart. 10 Mar ṫ’ainm is aṁluiḋe sin do ċlúḋ, Go crioċ na talṁuin tá; Do ḋeas‐laṁ lann do ḟíréuntaċt, ’Ḋia! ann sgaċ beart do ġnáṫ. 11 Ḃinn Ṡion go mbuḋ haoiḃin í, A’s inġion Iúdah ait; Air son do breaṫaṁnuis a Ḋé, Ta cóṁṫromaċ a’s ceart. 12 Siuḃluiḋe timċioll Sion naoṁ, Fa gcuairt go hana ċruinn; Aireaṁ a baḃuin ard go dluiṫ, ’Sa caisil trein gaċ aon. 13 Tuguiḋe fa ndear’ a balluiḋe breaġ, ’Sa palásaiḃ go beaċt; Ċum sin go ccuirfeaḋ siḃ a ccéill, Don drong ata le teaċt. 14 Oir se an Dia so féin ar nDia, Go síorruiḋe a’s go bráṫ. Se fos a stiuras sinn go ceart, Go huair a’s am ar mbáis. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society