Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 26 - Psalma Ḋaiḃí 1836


XXVI Psalm.

1 Taḃuir ormsa breiṫ ’Ḋé na ndúl, Am’ neiṁċionta ġluaiseas féin; Óir ċuireas doċas maiṫ a nDia, Na sleaṁnóċaḋ mo ċéim.

2 Ḋia, spionn mo ċroiḋe a’s m’airne fós, Ransuiġ a’s teastiġ me;

3 Óir ḋearcas air do ċáoiṁneas ġráiḋ; Ġluaiseas ad ḟírinn réiḋ.

4 Le cuideaċt ḋioṁaóin ríaṁ níor ṡuiġ, Ni ṡiuḃluim le luċt sáoḃ;

5 Is beag orm coiṁṫional an uilc ’S ni ṡuiḋim measg na mbáoṫ.

6 A neiṁċiontuiḃ niġ me mo láṁ’ A’s cuairtfead ṫ’altóir, ’Ḋé;

7 Go ḃfoillséoġċuinn le molaḋ ard Do ṁiorḃuile go léir.

8 Cóṁnuiḋe do ṫiġ ġraiḋios féin, A Ṫiġearna a’s a Ḋé; A’s d’ionad cóṁnuiḋe onóraċ Is ro ionṁuin leam é.

9 Le peacuiḋiḃ, ta déanaṁ oilc, Na cruinniġ m’anam boċt; Na cuir mo ḃeaṫa na ccuideaċt súd, Ta togaraċ na loċt.

10 Da ḃfuil an taiṁleas mór ’na nglaic, Duais ḃraṫa na láiṁ ḋeis:

11 Aċ gluaisfead am neiṁċiontuiḃ féin, Ad’ ṫrócair sáor gan ċeist.

12 Na seasaṁ ta mo ċos go beaċt, Air ionad ċóṁ‐ard réiḋ’; A’s aír measg ċoiṁṫional na náoṁ, Beannóċad ṫusa Ḋe.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan