Psailm 21 - Psalma Ḋaiḃí 1836XXI Psalm. 1 A mead do neirt‐si a Ḋia na ndúl, Biaiḋ luaṫġáir air an riġ: A’s ann do ṡláinte trócaireaċ Sólás ro ṁór do ġniḋ. 2 Lán‐ṁian a’s rún a ċroiḋe féin, Ṫug tusa ḋó maráon: Gaċ aṫċuinge d’ar iar a ḃéul, Níor ċoinniġis uaḋ féin. 3 Oir beannaiġeaḋ an ṁaiṫis ṁór Sin ṫug tu ḋó go moċ: A’s ċuiris coróin ar a ċeann, Don ór is glainne dreaċ. 4 D’íar seisean ortsa beaṫa ḃuan, Sin ṫug tu ḋó go fíor: A’s ṫugais faide laeṫe ḋo, Do ċum ḃeiṫ beo do ṡíor. 5 Do ṫáoḃ na sláinte ṫugais ḋo Is mór an ġlóir gaċ am; Ard‐onoir agus mórḋalaċt Do ċuiris air a ċeann. 6 Oir rinneaḋ leat ro ḃeannuiġe é, Air feaḋ gaċ ré go beaċt; A’s rinnis ro áoiḃinneaċ fós, Led’ ġnúis a ttrócaireaċt. 7 Oir is a nDia Iehoḃa mór Do ḋóiġ an riġ do ġnáṫ: Triḋ ṫróċaire an ti is aird’, Ni ċorroċar é go bráṫ: 8 Gaḃaḋ do láiṁ a nuile náṁ’d: Air eascair’ do laṁ ḋeis. 9 Mar ṡoirn ṫinntiġe ġniḋ tu iad A naimsir ṫ’feirg dá sgrios: ’Na ċorruiḋe mór ġniḋ Dia go fíor, A slugaḋ sios air fad, A’s ġniḋṫear orra milleaḋ fós, Le teine ṁór go grad. 10 A ttoraḋ sgriosfuiġ tu ón dtír, San ṗór ó ḋáoiniḃ as, 11 Oir rinneadar feall a’d’ aġuiḋ; A’s cleasraḋ ṫuill droċṁeas. 12 Uime sin, ċuirfeaḋ tu róṁad, Mar ċóṁarṫa iad sa tslíġe, ’S do ṡoiġde géura tri na néad’ Buailfir go dian da gclaoí. 13 Arduiġ ṫu‐féin a’d’ ċuṁaċta mór, A Ṫiġearna na ḃfeart: Marsin sior‐ċannuiġ sinn do ċluḋ, A’s molfuiġ sinn do neart. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society