Psailm 19 - Psalma Ḋaiḃí 1836XIX Psalm. 1 Foilisiġid na neaṁḋa glóir Dé ’Sna spéurṫa gnioṁ, a láṁ. 2 Ta la ag déanaṁ sgéil do la, ’S oiḋċe d’ oiḋċe gan taṁ. 3 A’ teagasg eóluis an ’sgaċ áit, Oir ni ḃfuil ionad ann No caint no focal fós air biṫ; Ná’r ċual’ a nguṫ gaċ am. 4 Ċuaiḋ a ḋoruḃa air feaḋ gaċ tír, A ḃfocal ’ḃfad a ccéin Go críc na cruinne, ċuir se ’ċeart, Buan‐ṗailliún árd don ġréin: 5 Neaċ ta mar nuaḋ‐ḟear pósda teaċt, O na ṡeómra féin amaċ, Ta ait mar ġaisgiḋeaċ tréan a’rioṫ, Ċóiṁling go togaraċ. 6 A’ dul amaċ o ċríċ na spéar, Fa ccuart na ccrioċ do ġnáṫ: ’S ni foilliġear ó ṫeas na gréin, Einniḋ ’sa ccruinne tá. 7 Is iomlan reaċt Iehoḃa ṁóir, An t’anam iompuiġion se: Fiaḋnuis’ an Tiġearna ta se dearḃ: An tsimpliḋ glic do ġniḋ. 8 Ta dliġeaḋ fós ar tTiġearna ceart, ’Cur áoiḃneas annsa ccroiḋe: Glan‐áiṫeanta dé ag foillsiuġaḋ, An tsúil naċ maiṫ do ċí. 9 Eagla an Tiġearn’ fíorġlan í Buan‐marṫanaċ do ġnaṫ: Fíor agus cóṁṫromaċ air fad, A ḃreiṫeaṁnais a ta. 10 Is fearr le n’iarruiġ iad na ór, An tór is fearr air biṫ: Nios mílse na mil a ta siad, ’S na cíor ṁeala re hiṫ’, 11 Ag faġuil raḃaḋ fós ata, T’óglaċsa uaḋ a ġnáṫ, A’s ann do ċoiṁéad ċúramaċ, Mór‐ṫuarasdal a tá. 12 Cia ṫuigeas uile ṡeaċrán féin? Glan o luċt diaṁair mé, 13 O ṗeacuiġiḃ uaiḃreaċa air ais Cuinniġ ṫ’ógluiġ féin a Ḋé; Na bioḋ airdċeannas aca orm: An sin ḃei’s me díreaċ, A’s fós o’n bpeacaḋ ṁór bioḋ mé, Fír‐ionruic neiṁċiontaċ. 14 O Ḋia mo neirt ’smo ṡlánuiġṫeoir, A ndeaġṫoil gaḃ uaim féin, Na smuainte ta am ċroiḋe astiġ, A’s briaṫra glan mo ḃéil. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society