Psailm 16 - Psalma Ḋaiḃí 1836XVI Psalm. 1 ’Ḋia, coiṁéad me, oir ionnad féin, Ata mo ḋóiġ go fíor; 2 O m’anam duḃairt tu re Dia, Is tu mo Ṫriaṫ do ṡíor. 3 Mo ṁaiṫeas ort go dearḃ ni roiċ, Aċt air na náoiṁ ata, Air talaṁ, ’as air flaiṫiḃ fior, Go ḃfuil mo ġean ’smo ġraḋ. 4 Mór‐ṁeadóċṫar a ndoilġios dóiḃ, A ḃrostuiġios go luaṫ, A ndiaiġ Dia ḃréige naċ ḃfuil fíor, A ’déanaḋ craḃaḋ truaġ: A ndeoċ‐ioḋbairt ata do ḟuil, Ni ofráil ’me gan ċeisd, A’s air a nainmiḃ ann mo ḃeul, Ni ṫioḃrad luaiḋ a ḃfeaċd. 5 Cóṁroinn mo ċóirn a’s m’oiġreaċda A Ḋía is tu mo ċrann. 6 Ann áitiḃ áoiḃneaċ ṫuit mo lion: ’Sleam oiġreaċd ḃréaġ naċ gann. 7 Ḃeirimse buiḋeaċas do Ḋia, Ṫug cóṁairle ḋaṁ a m’féiḋm; Ta m’arana fós ’nam na hoiḋċ, ’Gam’ ṫeagasg mar an ccéadn’. 8 Do ċuireas róṁam an gaċ cúis, An Tiġearn’ mór do ġnáṫ; Oir air mo ḋeas‐láiṁ go ḃfuil se, Ni ċorróċṫar me go bráṫ. 9 Mo ċroiḋe ġniḋ luaṫġáir uime sin, A’s gáirdeóċuiġ mo ġlóir; Cóṁnóċuiġ m’feoil a ḃfoistine, A ndi’n ’sa ndóċas ṁór. 10 Oir annsa nuaiġ ní ḟágfaḋ tu, M’anam ṡíos faoí an leaċt: A’s ni léigfir féin dod aon náoṁ’ Go ḃfeicfiġ truailliġeaċd. 11 Casán na beaṫa noċdfuiġ tu: Ad laṫair aoiḃneas ta, A’s ag do ḋeas‐láiṁ féin a Ḋé, Mór‐ṡáiṁe ’ta go bráṫ. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society