Psailm 15 - Psalma Ḋaiḃí 1836XV Psalm. 1 Cia ċóiṁneóċus a’d ṗailliun ṡuas? A Ṫiġearna cia é? Air do ċnoc náoṁṫa cia an ti, A ḟanas leat gaċ ré? 2 An ti go direaċ ṡiuḃl’as leat, A’s ionracas a ċleaċd, Laḃras an ḟirin’ sin a maċ, Ata ann a ċroiḋe go beaċt. 3 An té naċ dean air neaċ air biṫ, Iṫiomráḋ le na ḃéul, Naċ ndeanan olc da ċóṁarsan, ’Snaċ ttógan air droiċsgéul. 4 An té ṫarcuisniġeas an dáoi: Aċ onóir ḋóiḃ a ḃeir Ta ’neagla ’Ḋé snaċ ccláon an ṁóid A ccaill da ttigeaḋ air. 5 Airgiod air ús amaċ nar ċuir; An aġaiḋ fós na sáoiḋ, Duais nar ġaḃ a’s mar ṫuigṫear é. Go bráċ mar sin do ġniḋ. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society