Psailm 146 - Psalma Ḋaiḃí 1836CXLVI Psalm. 1 Moluiḋe Dia, mol ó m’anam Dia, 2 Molfad an ḟaid ḃeid beo; Aird‐sinnfiġ mise clúḋ dom Ḋia, Air feaḋ mo re ’s mo ló. 3 Na cuiriḋe dóiġ, ’s na deanuiḋe bun, A ḃflaṫaḃ laidre ṫréun; Na ’mac an duine aig naċ ḃfuil, Furtaċt air biṫ a ḃfeidṁ. 4 Ata nanáil sean ’dul amaċ, Teiġ se d’á úir air ais; Meaṫuid a smuaintiġe sean go léir, ’S an lá sin féin go cas. 5 Is beannuiḋe an duin’ sin d’á ḃfuil, Dia Iacoib aig mar neart; D’á ḃfuil a ḋóċas ann a Ḋia, Iehoḃah, Triaṫ na ḃfeart. 6 ’Se ċruṫuiġ neaṁ, muir agus tír, ’S gaċ einniḋ d’á ḃfuil ann; ’Se ċongḃas fírinn mar an ccéadn, Go sióiruiḋe an ’s gaċ am. 7 Do ḋaoiniḃ ta fuiḋ ḟóirneart ṁór, Cuiriġ a ḃreiṫ a ccríċ; Ḃeir biaḋ don ocraċ, a’s don lag, ’S na bráiġde sgáoilas’ níoċt. 8 Se Dia ta fosclaḋ sul na ndall, Togfuiġ Iehoḃa mór; An dream ata lag sa cromaḋ síos, A’s mian leis daoine cóir. 9 Is didean Dia do ḋileaċtuiḃ, Don mbeantr’iġ a’s don ġall; Aċ sliġe ċam ċlaon, na ndroċ ḋáoine, Teilgion se bun os cionn. 10 Biaiḋ Dia a nairdriġ ṁór go bráċ, Do Ḋiasa Ṡion náoim; O linn go linn go marṫanaċ, Moluiḋse Dia go caoiṁ. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society