Psailm 139 - Psalma Ḋaiḃí 1836CXXXIX Psalm. 1 Do ċuartuiġ tu, ’s as aiṫne ḋuit, Me féin a Ṫi’arna ṫréin. 2 Mo ṡuiġe ’s mo ṡeasaḋ ’s aiṫne ḋuit, ’S léar ḋuit mo smuain a ccéin. 3 Mo ċéimne agus mo luiḋe sios, Do ċuartuiġ tu go dlúiġ; A’s ar mo ṡliġṫiḃ féin go léir, Is geur a ḃreaṫnuiġ tú. 4 Feuċ, an ḃfuil focal mór na beag, Na uirġioll ann mo ḃeul; Mun laḃruim iad a Ḋia na ḃfeart, Naċ aiṫne ḋuit go leir. 5 Do ċuartuiġ tu me air gaċ taoḃ, Roṁam maraon ’s mo ḋéiġ; Do laṁ roineartṁar cuṁaċtaċ, Leag tu ormsa a Ḋé. 6 Ta ṫ’eolus‐sa ro iongantaċ, A’s o’s mo ċionn ta sé; Ni ḟeadaim roċtuin ċuige suid, Oir ta se ard o’m lé. 7 Cia ait air biṫ a ḃfeuduim dul, Ó d’ spiorad ġlic a Ḋé; Ó d’ ġnuis, ta uile soiléreaċ, Ca taoḃ a ṫeiṫfeas me? 8 Ma raċaim suas air neaṁ na speur, Ata tu féin ann sud; Ma luiḋim féin ann ifrionn ṡios, Ṫa tu san ionad ud. 9 Air ḃarruiḃ sgiaṫ na maidne fos, Má ṡiuḃlaim fad o laiṁ; Go foiriomluiḃ na mara móir, Ċum cóṁnuiḋe ann a’s táṁ. 10 Stiuirfiġ tu me ann sin a Ḋé, Led’ laiṁ ta treun a neart; A’s ġniḋṫear leaṫ mo ċongḃail suas, Le do ḋeasláiṁ go beaċt. 11 Ma deirim, go ndeanfa dorċadas, Go deiṁin m’folaċ uait; Biaiḋ a noiḋċe féin mar ṡolas ġlan, Ag iaḋaḋ orm fa ccuairt. 12 An dorċadas féin ni múċfuiġ uait, ’S coiṁlear oiḋċe a’s la; Ionan ḋuitse an duiḃre duḃ, A’s solas glan na ttraṫ. 13 Oir feuċ do ġaḃ tu seilḃ go moċ, Ar mairniḃ a’s me maoṫ; Sas leat rineaḋ m’folaċ fos, A mbroinn mo ṁaṫar caoṁ. 14 Mólfad ṫú, óir is uaḃásaċ, ’S as miorḃuileaċ mo ḋeilḃ; Ta ṫ’oibre iongantaċ ’s as léar, Do m’anam sin go deírḃ’. 15 Tráṫ rinneaḋ me a ndiaṁaireaċt, A’s ḋealḃuiġeaḋ me ann; A naitiḃ ioċtraċ na talṁan ṡios, Buḋ lear ḋuit bríoġ mo ḃall. 16 Mo ḋeilḃ an‐abuiḋ ḃi gan dreaċ, Dod’ ṡuiliḃse buḋ léar; Mo ḃaill go hiomlan cuireaḋ sios, Sgrioḃṫa a’d’ leaḃar féin. Giḋeaḋ, re haimsir a’s le huain, Ḋealḃuiġeaḋ iad san am; Air mbeiṫ ḋoiḃ roiṁe sin gan dreaċ, A’s naċ raiḃ aon dioḃ ann. 17 Is mórluaiġ uime sin a Ḋé! Do smuaintiḋe‐se liom; Is líonṁar mor le naireaṁ iad, ’S renn ccur a contas ann. 18 Da náirṁín iad, is lionṁar go mór, Na gainiṁ ṁín na tráġ; As mo ṡuan nuair ṁuisg’limse, Táim agadsa do ġnáṫ. 19 Na cionntuiġ marḃan tu go cínt’, A Iehoḃah ard‐tréun; Da ḃriġ sin uaimse imṫiġiḋ, A luċt na fola a gcéin. 20 Noċ do laḃaras a’d’ aġaiḋ, A Ḋe le haingid ṁór; As do naiṁde go dioṁáoin ḃeir, T’ainm ro náoṁṫa cóir. 21 Naċ fuaṫ liom iad, dar ḃfuaṫ leo ṫú, A Ṫi’arna ṫréin na slóġ; ’S naċ ḃfuil me gaḃail gráin don dream, Ta ’d’aiġiḋse déanaṁ gleó. 22 Dearg‐ġráin a’s fuaṫ ṫugaim ḋóiḃ, ’S mar naiṁde ġním a meas. 23 Ransuiġ me agus ṫuig mo ċroiḋe, Ḋé, mo smuaint’ dearc gan ċeas. 24 Feuċ a’s aṁairc féin a ḃfuil, Sliġ aingiḋ ḋaoiḋ a’m’ ċlé; A’s ansa tsliġe ṡiorruiḋe ċóir, Go direaċ treóruiġ me. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society