Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 112 - Psalma Ḋaiḃí 1836


CXII Psalm.

1 O tugaiġ molaḋ mór do Ḋia, Is beannuiġṫe an te go beaċt; Air a ḃfuil eaglá Dé ’s dar b’ionṁuin, Go mór a ḋliġe ’s a reaċt.

2 A ṡlioċt buḋ coṁaċtaċ ansa tír, ’S ro ḃeannuiġṫe síolraċ faoi:

3 Ta máoin a’s saiḋḃreas iona ṫeaċ, ’S ḟíréuntaċt buan gan díṫ.

4 Éirgiḋ solus don droing ḋíriġ, Traṫ ḃíd a ndorċadas; Don ġrásaṁuil a’s don trócaireaċ, A’s don ḟíréun gan ċeas.

5 Ata se grásaṁuil airleacṫaċ, An duine maiṫ go deó; Le breiṫeaṁnus ceannsóċaḋ se, A ḃriaṫra ceart gan ġó.

6 Óir ċoiḋċe ni ḃeiṫ einniḋ ann, Do ċorróiġ e go mór; Aċt an fíréun air cuiṁne ḃeis, Go síoruiḋe mar is cóir.

7 Faitċios ni ḃiaiḋ air an ḃfíréun, Fa ċlos ḋroċ‐ṫaisg no sgéul; Ta ċroiḋe diongṁálta dóṫċuiseaċ, San Tiġearna ta gan ḃáo’l.

8 Ta a ċroiḋe‐sean go daingion buan, Ni ḃiaiḋ áon eagla air; No go ḃfacaiḋ air eascáirdiḃ, A ṁian ’s a ṫoil le cear.

9 Do spréiḋse, ’s do na ḃoċtaiḃ ṫug, Ḟíréuntaċt mairfiġ síor; Árdóiġfior ’aḋarc go han‐mór, Le glóire ḃuan go fíor.

10 Tráṫ ċífe an peacaċ, feargaċ beiḋ, S lé’n ḟiaclaiḃ gearrfa sé; ’Seargaiġ se, a’s meiṫfe mian, An ċionṫaiġ feaḋ gaċ ré.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan