Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 11 - Psalma Ḋaiḃí 1836


XI Psalm.

1 Mo ḋóċus cuirimse a nDia: Cread faṫ a nabruiḋ siḃ, Re m’anam, teiṫ go sganraċ luaṫ, ’S eitill mur ean dod’ ṡliaḃ.

2 Feuċ, ċuir na haingiḋe boġa air luaḋ, A sai’d air ṡraing do ġléus, Ṫeilg san dorċ’ air an te ta ceart, A ccroiḋe a’s ann a mbéus.

3 Ma ṫéid na bunáite air lár, Cread ġniḋ an duine cóir?

4 Ta Dia ’na ṫeampoll duinn air neaṁ, ’Sta ’ċaṫáoir lán do ġlóir: A’s léir da ruisg gaċ uile ḋuil, San doṁan ṁón ata; Re n’ ḟorḋuḃaiḃ, aoiḃ an tsáoġáil, Ransuiġion se do ġnaṫ.

5 Dearḃuiġion Dia na firéunuiḋe, Aċt fuaṫuiġion se go léir An daói meaḃlaċ ġraḋuiġios olc, ’Sna foiréigniḋe le ċéil’.

6 Air ḋáoiniḃ ciontaċ fearfuiġ Dia Paintéir anuas gan sgíṫ: Teine, a’s ruiḃ, a’s doinion ṁór, Cóṁroinn na sgál a ġníḋ.

7 An Tiġearna ta fior a’s ceart, Is ionṁuin leis an ċóir: Ag feuċaint air na firéunuiḃ, Le deaġ‐ġnúis a’s le glóir.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan