Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 102 - Psalma Ḋaiḃí 1836


CII Psalm.

1 Re m’urnaiġ éist a Ṫi’arna Dia, A’s mo ġlaoiḋ tigeaḋ ċúġad;

2 Na foluiġ uaim do ġnúis san ló, Na mbiad a mbuaiḋreaḋ fúd. San ló ġoirfeas me ort go géar, Crom ċugam féin do ċluas; A’s freagair me go deifireaċ, Ag furtaċt air mo ċrua’s.

3 Óir mar ḋeataċ mo laeṫe’ tá, Dá gcnáoiḋeaḋ suas do ġnáṫ; Mar ṫínnteann na teine ’saṁluiḋe, Mo ċná’ air losga tá.

4 Trom‐ḃuailte ta mo ċroiḋe fann, A’s seargṫa mar an ḃféur; Ionnus gur ḋearmuid me go ceart, Greim aráin ’ċur a’m’ ḃéul.

5 Ḃríġ mo ċneaduiġ, mo ċnáṁa ḋlúiġ, Lém’ ċroicion féin go téann.

6 Mar Ṗelicán ’san ḃfásaċ me, No ulċaḃċán na mbeann.

7 Aig faire táim go ḋíṫċiollaċ, Is cosṁuil me do ġnáṫ; Mar ġealḃonn a naonar ḃíḋeas, Air ṁullaċ tíġe gaċ tráṫ.

8 Air feaḋ an lae mo naiṁde rinn, Me sċanlúġaḋ le táir; Na daoine tá air mire ċúġam, Taid mionuiġṫe ’m’aiġ’ gan náir’.

9 Lém’ ḋeóruiḃ ċumaisg me mo ḋeoċ, Mar arán d’iṫios luaiṫ,

10 Tré d’fioċ a’s d’feirg, óir ṫóg tu ṁé, A’s leag tu ’rís go truaġ.

11 Mar sgáile ċláon mo laeṫe sios, A’s ṡearg me féin mar ḟéur;

12 Aċ mairfiġ tusa a Ḋé go braṫ, ’S do ċuiṁne síor gan éur.

13 Eireoċa tu nois a’s deanfair grás, Ar Sion do ċnoc naoṁ; Oir am a caḃarṫa ta ’nois, Aimsir na trócair’ ċaoiṁ.

14 Óir d’ógluiġ taid ag gaḃáil tlaċt, Dá cloċuiḃ súd gaċ uair; Ta deaġṫoil aig do ṡearḃo’ntuiḃ, Dá luaiṫreaḋ is dá húir.

15 Mar sin biaiḋ air na cinneaḋaċuiḃ, Sár eagla roiṁ ainm Dé; ’S gaċ riġ ’san doṁan gaḃfuiġ siad, Fioċ roiṁ ġlóir an Triaṫ.

16 Traṫ ṫóigfear Sion suas le Dia, Taisbeanfuiġ se a nglóir;

17 Urnuiḋe na mboċd ṫug se fá ndear, ’S ni ḋiultóċuiġ nios mó.

18 Sgríoḃṫar na neiṫe se le ceill, Arson an áil re teaċt; ’S an sluaġ cruṫoċṫar d’ar ndeis, Glóirfiġ siad Dia fa seaċ.

19 Óir d’féuċ se fein ó’n mball is aird, Dá ionad naoṁṫa ṡuas; O ḟlaiṫeaṁnas a daṁairc Dia, Air ṫalaṁ ṫruaġ anuas.

20 Ċum go gcluinfeaḋ se éagnaċ ṁór, An ḃraiġdionaiġ faoi ġlas; Ċum fuasglaḋ air an druing a tá, Faoi ḋaoirse báis gan ġus.

21 A Sion ċum go gcuirfiḋe a gcéill, Ainm uasal árd ar nDé; ’Sa nIerúsalem go nineósfuiḋe, A ṁolaḋ ’sa ċlúḋ go glé.

22 Mar ċruinneóċṫar na poibleaċa, A néinḟeaaċd le na ċéil’; Ċum foġnaṁ don Tiġearna Dia, Na Ríoġaċta mór go léir.

23 Mo neart do ḃuaiḋir se ansá tslíġe, Mo laéṫe ’ġioiraiġ leis;

24 Duḃairt me ó mo Ḋia, na tréig, ’Sa meaḋon mo lae na sgrios. Do ḃliaġna‐sa a taid do ġnáṫ, Ó ḋín go dín gan tráġ;

25 Ó ṫosaċ is tusa do ṡúiġiḋ, Bunáit na Ce léd’ láṁa. Is iad na flaiṫios fior‐ġlan árd, Obair mór‐ḃreaġ do ġéag;

26 Buan‐ṁarṫanaċ ḃeiṫ tusa féin, Tráṫ ṁeiṫfid siad gan ḃréug. Mar éadaċ sean le hiomad aois, Caiṫfid go fíor gan ġó; Mar ċulaiḋ a malairt ġníḋ tú, A’s claoċluiġṫe beid’san ló.

27 Aċt is tusa an ti céadna‐sin, ’S air d’aimsir ni ḃeiṫ críoċ;

28 Clann d’ógláċa ċóiṁneoċuid sin, ’S daingn’óir a slioċt a’d’ ċríċ.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan