Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 101 - Psalma Ḋaiḃí 1836


CI Psalm.

1 Trócaire ’s breiṫeaṁnuis ċánfas me, ’Ḋé, seinnfead ḋuit le céol;

2 A sliġe iomlán tuigfe me féin, Do ṫeaċt‐sa ċú’m le héol’. A meaḋon mo ṫíġe le diogras ceart, Mo ċroiḋe, ṡíuḃalfaḋ mé;

3 Cúis urċóideaċ ní ċuirfiod fós, Ó’s coine mo ṡúile glé. Droċ‐ġnioṁarṫa ni ṫaitnean liom, Do ġníḋeas daoine claon; Ni ċeangólaiḋ se ḋíom go déo, Le sgrios air m’anam féin.

4 An croíḋe fíoċṁar dealoċuid liom, ’Sni ċleaċtfuiġ me an daoí;

5 An te ós iosall scanluiġios, A ċóṁarsa le droċ‐ċroiḋe. An tarraċta ’raḋarc ’san t’uaiḃreaċ, A gcroiḋe ni iomċraim leís;

6 Mo ṡúile biaiḋ ár ḋaoine ceart, Na húire air fad gan leisg. Ionnas go náitreóḋ a’m’ ḟoċair, An ti ṡiuḃlas go hiomlán; Is é sin fós go ceart á ġníḋ, Fóġnaṁ ḋaṁ‐sa gan ċáim.

7 Fear na ceilge ni ċóṁnóċuig se, A’m’ ṫiġ‐se féin faoi ḃláṫ; A’m’ láiṫir neaċ a laḃras bréug; Do ġeóḃa se pian a’s cráḋ.

8 Lom‐sgriosfuiġ mise fos go moċ, Gaċ ciontaċ ta ’sa tír; Ċum luċt an uilc a ġearraḋ ’maċ, O ċaṫair Dé faoí aoir.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan