Psailm 10 - Psalma Ḋaiḃí 1836X Psalm. 1 Creud as fa’r ṡeasais ḟad o laiṁ, Iehoḃa laidir ṫréin; A naimsir bróin a’s bua’rṫa ṁóir, Fa ndéan tu t’folaċ féin? 2 Ta an droċ‐ḋuine uaiḃreaċ borb, Go dian a ttóir na mboċd: Aċt gaḃṫar iad sna cealguiḃ truaġ, Do smuaineadar ċum loċd. 3 Oir, an droċ‐ḋuine muiḋfiġ fonn, Agus mian a ċroiḋe féin: ’Sna dáoine santaċ mollan se, Ge beag air Ḋia a méin. 4 An droċ‐ḋuine tre uaḃar gnúis, Ni ġoireann se ar Ḋia: Ann a ċroiḋe, ni ḃfuil uair air biṫ, Aon smuaineaḋ air an dTriaṫ. 5 Ta uile ṡliġe ro ḋoilġiosaċ, ’S ard o na ṡúil do ḃreiṫ: Ag séideaḋ pluc go fona’dṁaċ, Air eascairiḃ fa leiṫ. 6 Ann a ċroiḋe féin do laḃuir se, Go deo ni gluaisfior me: Oir ni ṫig aṁgar or’m go braṫ, Na buaireaḋ fós dom ċláoiḋ. 7 Do ġo ’s do ṁallaċd, a’s do ċeilg, A ḃeulsan lán ata: Ta urċóiḋ ṁór is dioṁáoineas, Fa ṫeanga san do ġnaṫ. 8 A ndioṁaireaċt na mbailtiḃ mbeag, Sior ṡuiḋean se ganḟios: Ta ṡúil air ḃoċduiḃ a’s ḟíréunuiḃ, A nuaigneas ḋluiġ da sgrios. Ta ṡuile niṁneaċ mar an cceudn’, Ro ġuineaḋ geur ann loċd, A dearcaḋ an a ndioṁaireaċd, Ċum sgrios an ḟiréin ḃoiċd. 9 Mur leoṁan ’na luiḋe a ḃfeill ata, Na ṫaṁ a ḃfuaṫċuis ḋian, A’ gaḃail na mboċt: ’s ġaiḃ se iad Da ttarruing ann a lion. 10 Cromuiġ a’s uṁluiġ se é féin, Ċum naċ moṫoċaḋ neaċ; Le tréanuiḃ ċor go leagfaḋ se, An lag ta triall a steaċ. 11 A’s duḃart se ann a ċroiḋe féin, Dia ḋearmuid é go fíor: A’s d’foluiġ se a ġnúis a ccéin, Ni leir ḋó súd do ṡíor. 12 Iehoḃa, éiriġ suas go hárd, A Ḋia ta neartṁar tréun, Tóg suas do láṁ ’sna dearmuid ċoiḋċ’ An tuṁal lag ann ḟéiḋm. 13 Na dáoine cionntaċ creud fa ndéan, Siad tarcuisne ort ’Ḋé? No an neaċ ’duḃairt ann a ċroiḋe, Ni iarrfuiġṫear leat é. 14 Ċonnairc tu sin, oir ḋuit is leir, Gaċ doċar a’s gaċ spíd, Le do láiṁ go ttaḃairfeaḋ ḋóiḃ Oiread a nuilc a ġníd: Oir, ’s ortsa d’iarr an duine boċd, É féin a ċur fa ḋí’ean, Is tu fear cuidiġ agus neirt, Na ndilleaċtuiḋe gan ṁáoin. 15 Raiġ an droċḋuine a’s an dáoi, León agus bris a Ḋé: ’S ransuiġ amaċ a loċd go geur, Go tti naċ ḃfaġfar é. 16 Go suṫuin a’s go siorruiḋe fós, Iehoḃa ta na riġ: Sgriosaiġ na geinte coiḋċe ’maċ, A’s glanfuiġ se an tír. 17 A Ḋé do ċluinis mian na nú’l, Ullṁóċuiḋ tu a ccroiḋe; A’s ḃéir tu air do ċluas go beaċd, Go neistfeaḋ guṫ na ndiṫ. 18 Le congḃáil ceirt do ḋilleaċtuiḃ, ’Sdo ḋáoiniḃ bruiḋte truaġ, Ċum naċ ttaḃairfeaċ neaċ talṁuiḋe Ní’s mó da ḟóirneart uaḋ. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society