Psailm 78 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 78. Attendite, popule. 1 Éistigí le mo ḋlí, a ṗobail liom: claonaigí ḃur gcluasa do ḃriaṫra mo ḃéil. 2 Fosclóiḋ mé mo ḃéal i ḃfáiṫscéal: foilseoiḋ mé seanráite ársa. 3 A ċualamar agus ar ar ċuireamar eolas: agus a dʼinis ár n‑aiṫreaċa dúinn: 4 Ionas naċ gceilfimis iad ar ċlann na nglún a ṫiocfas: aċ ag foilsiú onóra an Tiarna, agus na hoibreaċa móra iontaċa atá déanta aige. 5 Rinne sé conraḋ le Iácób, agus ṫug sé dlí dʼIosrael: agus dʼordaiġ sé dár n‑aiṫreaċa a ṫeagasc dá gclann. 6 Go mbʼḟeasaċ é dá slioċt: agus don ċlann nár saolaíoḋ go fóill; 7 Ar ṁoḋ nuair dʼḟásfaidís aníos: go dtaispeánfaidís é dá gclann; 8 Ionas go gcuirfidís a ndóċas i nDia: agus gan oibreaċa Dé a ḋearmad, aċ a aiṫeanta a ċoṁlíonaḋ; 9 Agus gan ḃeiṫ mar a sinsear, a ḃí ina nglúin ṁíḋílis, ċruaṁuincálaċ: glúin nár ṡuiġ a gcroí mar ba ċeart, agus nár ċloiġ a sprid go buan le Dia. 10 Mar ċlann Eṗráím: a ḃí in éide caṫa, ag iompar boġanna, agus a ṫiontaiġ a gcúl i lá an ċaṫa. 11 Níor ċoinníodar conraḋ Dé: níor ṫoilíodar siúl de réir a ḋlí; 12 Aċ ḋearmaid siad a ndearna sé: agus na hoibreaċa iontaċa a ṫaispeáin sé ar a son. 13 Rinne sé niṫe iontaċa i súile ár sinsir, i dtír na hÉigipte: i maċaire Ṡóáin. 14 Rinne sé ḋá leaṫ den ḟarraige, gur lig dóiḃ dul eatarṫu: ċuir sé na huiscí ina seasaṁ ina gcarn. 15 Ṫreoraiġ sé iad le néal i riṫ an lae: agus ar fuaid na hoiċe le solas tine. 16 Scoilt sé cloċa crua an ḟásaiġ: gur ṫug sé dóiḃ le hól astu, mar ḃeaḋ as an doiṁneaċt ṁór. 17 Ṫug sé uiscí as an gcarraig ċloiċe: gur sciord siad amaċ mar na haiḃneaċa. 18 Aċ i ndiaiḋ ar ṫarla ba ṁó a ṗeacaíodar ina éadan: ag cur caṫuiṫe san ḟásaċ ar an Té is Airde. 19 Ċuireadar caṫuiṫe ar Ḋia ina gcroí: agus dʼiarradar a mian den ḃia. 20 Laḃraíodar fós in aġaiḋ Dé, á rá: An ḃfeisteoiḋ Dia clár san ḟásaċ? 21 Is fíor gur ḃuail sé an ċarraig ċloiċe, gur sciord na huiscí amaċ, agus gur riṫ na sruṫanna aisti: aċ an féidir leis fós arán a ṫaḃairt, nó feoil a ṡoláṫar dá ṗobal? 22 Nuair a ċuala Dia sin ḃí fearg air: gur fadaíoḋ tine in Iácób, agus gur éiriġ tromḋíḃeirg in aġaiḋ Iosrael; 23 De ḃrí nár ċreideadar i nDia: agus nár ċuireadar a ndóċas ina ċuidiú. 24 Ní lúide dʼordaiġ sé do na néalta in airde: agus dʼoscail sé doirse neiṁe. 25 Dʼḟear sé fós manna anuas orṫu le hiṫe: agus ṫug sé bia ó neaṁ dóiḃ. 26 Is aṁlaiḋ dʼiṫ an duine bia na n‑aingeal: óir ċuir sé ċucu a ndíol bia. 27 Ḋúisiġ sé an ġaoṫ anoir faoi neaṁ: agus trína ċuṁaċta ṫug sé isteaċ an ġaoṫ aniar aneas. 28 Dʼḟear sé feoil orṫu ċoṁ tiuḃ leis an luaiṫ: agus éin faoi ċleite mar ġaineaṁ na farraige. 29 Lig sé anuas i measc a bpailliún é: mórṫimpeall a n‑áitreaḃ. 30 Dʼiṫeadar agus ḃí a ndóṫain acu mar sin; ó ṫug sé ar ṡantaíodar dóiḃ: ní raḃadar gan a mian a ḟáil. 31 Aċ ṫáinig tromḋíḃeirg Dé orṫu agus an bia ina mbéal go fóill, gur ṁaraiġ sé an ṁéid ab acṁainní orṫu: ṁaraiġ go deiṁin, agus ċuir sé toġa fear Iosrael ar lár. 32 Aċ i ndiaiḋ ar ṫarla ba ṁóide a ṗeacaíodar: agus níor ċreideadar dá oibreaċa iontaċa. 33 Mar sin ċaiṫ sé a laeṫanta i ndíoṁaointeas: agus a mblianta i mbuaireaṁ. 34 Nuair a ṁaraiġ sé iad, ċuadar á iarraiḋ: dʼiompaíodar go luaṫ, agus dʼḟiafraíodar faoi Ḋia. 35 Agus ċuiṁníodar gurḃ é Dia a gcuṁaċt: agus gurḃ é an Dia is Airde a ḃfuascailteoir. 36 Ina ḋiaiḋ sin, ní raḃadar aċ á ṁeallaḋ lena mbéal: agus ag cur cluana air lena dteanga. 37 Óir níorḃ é ar fad a ḃí in aice lena gcroí: agus níor leanadar go buanseasṁaċ dá ċonraḋ. 38 Aċ ḃí sé ċoṁ trócaireaċ agus gur ṁaiṫ sé a míġníoṁarṫa dóiḃ: agus níor scrios sé iad. 39 Is iomaí uair, go deiṁin, a lig sé a ḟearg ṫairis: agus nár lig sé dʼiomlán a ḋíḃeirge éirí. 40 Óir smaoiniġ sé naċ raiḃ iontu aċ feoil: agus naċ raḃadar aċ mar ṡéideán gaoiṫe a ṫéann ṫairis, agus naċ ḃfilleann arís. 41 Ba ṁinic a ċuireadar caṫuiṫe air san ḟásaċ: agus a ċrádar é sa tír ḟiáin. 42 Ṫiontaíodar ar gcúl, agus ċuireadar caṫú ar Ḋia: agus corraí ar an Té is Naofa in Iosrael. 43 Níor ċuiṁníodar ar a láiṁ: ná ar an lá a dʼḟuascail sé iad as láiṁ an naṁad; 44 Mar a rinne sé a ṁíorúiltí in Éigipt: agus a ḟearta i maċaire Ṡóáin. 45 Rinne sé fuil dá n‑uiscí: ionas nárḃ ḟéidir leo ól as na haiḃneaċa. 46 Ċuir sé na cuileoga isteaċ ina measc, á n‑iṫe suas: agus na loscainn a scriosfaḋ iad. 47 Ṫug sé a dtoraḋ don ṗéist ċapaill: agus a gcuraíoċt don dreolán teaspaiġ. 48 Scrios sé a gcraoḃaċa fíniúna le cloċa sneaċta: agus a gcrainn ṁaoildearga leis an sioc. 49 Agus ḃuail sé a n‑eallaċ le cloċa sneaċta: agus a gcaoiriġ le caorṫa tine. 50 Lig sé amaċ dásaċt a ḟeirge ina mullaċ, díḃeirg agus confaḋ agus buaireaṁ: agus ċuir sé droċ‑aingil isteaċ ina measc. 51 Scaoil sé an srian lena ḋíḃeirg, agus níor lig sé lena n‑anam iad: aċ scaoil sé a n‑anam leis an bplá. 52 Agus ḃuail sé gaċ céadġin clainne san Éigipt: an drong ab airde agus ab acṁainní i dtiṫe Ċam. 53 Aċ i dtaoḃ a ṁuintire féin de, ṡeol sé amaċ iad mar ċaoiriġ: agus ṫug sé tríd an ḃfásaċ iad mar ṫréad. 54 Ṫug sé amaċ slán iad, ionas naċ raiḃ áḃar eagla acu: agus ḃáiġ sé a naiṁde faoin ḃfarraige. 55 Agus ṫug sé iad idir ṫeorainn a ṡanctóra: go dtí an sliaḃ a ċeannaiġ sé lena láiṁ ḋeas. 56 Ċaiṫ sé amaċ na págánaiġ rompu: agus rinne sé an tír a roinnt eatarṫu mar oiḋreaċt, agus ṫug sé ar ṫreiḃeanna Iosrael cur fúṫu ina bpubaill. 57 Aċ dá ainneoin sin ċuireadar caṫú agus míṫaitneaṁ ar an Dia is Airde: agus níor ċoinníodar a ḟianaisí; 58 Aċ ṫugadar a gcúl leis, agus ṫréigeadar é mar a rinne a sinsear: ag dul i leataoḃ mar ḃoġa briste. 59 Óir ċrádar é le haltóra ar ċnoic: agus ġríosaíodar ċun díḃeirge é lena n‑íoṁánna. 60 Nuair a ċuala Dia sin, ḃí fearg air: agus ġlac sé mórḋíḃeirg le hIosrael. 61 Ionas gur ṫréig sé an tabarnacal i Síló: an puball a ḃí curṫa aige i measc na ndaoine. 62 Scaoil sé a ċuṁaċt ċun broide: agus a ġlóir i láiṁ an naṁad. 63 Scaoil sé a ṗobal le béal an ċlaíṁ: agus ḃí fearg air lena oiḋreaċt. 64 Dʼídiġ an tine a ḃfir óga: agus ní dearnaḋ cleaṁnasa dá maiġoeana. 65 Maraíoḋ a sagairt leis an gclaíoṁ: agus ní raiḃ na baintreaċa ann a ċuirfeaḋ cluiċe caointe. 66 Ba ansin a ḋúisiġ an Tiarna mar ḋúisíonn duine as a ċodlaḋ: agus mar ḟaṫaċ a dtug an fíon croí dó. 67 Ṫiomáin sé a naiṁde ar gcúl: agus dʼḟág sé náire ḃuan orṫu. 68 Ḋiúltaiġ sé do ṫabarnacal Iósaif: agus níor ṫoġ sé treiḃ Eṗráím; 69 Aċ ṫoġ sé treiḃ Iúda: mar tá Sliaḃ Ṡíóin dá dtug sé a ġrá. 70 Agus ṫóg sé ansin a ṫeampall in airde: agus leag sé a ḃun mar an talaṁ a ḃunaiġ sé go buan. 71 Ṫoġ sé Dáiḃí a ṡeirḃíseaċ: agus ṫug sé é óna banraċa. 72 Ġlac sé é, agus é i ndiaiḋ na gcaoraċ trom uan: ionas go mbeaṫóḋ sé Iácób a ṗobal, agus Iosrael a oiḋreaċt. 73 Dá ḃrí sin ḃeaṫaiġ sé iad le croí dílis ḟíor: agus rialaiġ sé go céillí iad le hiomlán a ċuṁaċt. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland