Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 72 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 72. Deus, judicium.

1 Taḃair do ḃreiṫiúnais don rí, a Ḋia: agus taḃair dʼḟíréantaċt do ṁac an rí.

2 Taḃarfaiḋ sé ansin ceartḃreiṫiúnas ar do ṗobal: agus cosnóiḋ sé na boċta.

3 Beiḋ na sléiḃte fós ag taḃairt na síoċána: agus na cnocáin ag iompar na fíréantaċt a ċun an ṗobail.

4 Taḃarfaiḋ sé a gceart do na daoine simplí: agus cosnóiḋ sé clann na mboċt, agus cuirfiḋ sé pionós ar an té ḋéanas an t‑olc.

5 Beiḋ eagla orṫu roṁat, ċoṁ fada agus ḟanas grian agus gealaċ: ó ġlúin go ċéile.

6 Tiocfaiḋ sé anuas mar ḟearṫainn ar an ḃféar gearrṫa: mar na braonta a ṡileas uisce ar an talaṁ.

7 Lena linn beiḋ an fíréan faoi ḃláṫ: agus fós beiḋ an tsíoċáin fairsing, ċoinh fada is a ḟanas an ġealaċ.

8 Beiḋ a réim ó ṁuir go muir: ón aḃainn ṁór go deireaḋ an doṁain.

9 Beiḋ áitreaḃaiġ an ḟásaiġ ag uṁlú roiṁe: beiḋ a naiṁde ag lí na luaiṫe.

10 Taḃarfaiḋ ríṫe Ṫairsis agus ríṫe na n‑oileán bronntanais: beiḋ ríṫe na hAráibe agus Sába ag iompar taḃartas.

11 Beiḋ na ríṫe uile ag titim síos roiṁe: beiḋ na náisiúin go léir ag déanaṁ seirḃíse dó.

12 Óir fuasclóiḋ sé an boċt nuair a ġlaos sé: agus an dearóil agus an té atá gan ċúntóir.

13 Beiḋ sé go maiṫ don duine ṡimplí agus don dearóil: agus cuṁdóiḋ sé anamaċa na mboċt.

14 Fuasclóiḋ sé a n‑anamaċa ón mbréag agus ón éagóir: agus is daor a ḃeiḋ a ḃfuil ina ṡúile.

15 Mairfiḋ sé, agus beifear ag taḃairt cuid dʼór na hAráibe dó: beifear ag guí i gcónaí ar a ṡon, agus beifear á ḃeannú gaċ lá.

16 Beiḋ cruaċ cruiṫneaċta ar an talaṁ, go hard ar na cnoic: beiḋ a ṫoraḋ ag creaṫaḋ mar Liaḃáin, agus beiḋ luċt na caṫraċ ag fás mar ḟéar ar ḋroim an talaiṁ.

17 Mairfiḋ a Ainm go bráċ; fanfaiḋ a Ainm faoin ngrian idir na glúna a ṫiocfas: a dtiocfaiḋ beannaċt orṫu tríd; agus beiḋ na págánaiġ go léir á ṁolaḋ.

18 Go mbeannaítear an Tiarna Dia, mar tá, Dia Iosrael: naċ mbíonn aċ é ag déanaṁ na n‑iontas;

19 Agus go mbeannaítear go deo dʼAinm a ṁórgaċta: agus líontar an doṁan ar fad dá ṁórgaċt. Áiméan, Áiméan.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
Lean sinn:



Sanasan