Psailm 69 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 69. Salvum me fac. 1 Fóir orm, a Ḋia: óir ṫáinig an t‑uisce isteaċ orm, go dtí an t‑anam féin. 2 Táim i ngreim an lábáin ḋoṁain, atá gan ġrinneall faoi: ṫáinig mé amaċ i ndoiṁneaċt an uisce, ionas go dtagann na tonnta báite i mo ṁullaċ. 3 Táim tuirseaċ ag glaoċ, tá mo sceadamán tirim: tá mʼaṁarc ag meaṫ lena ḟaideaċt agus dʼḟan mé ar Ḋia. 4 Ní lia ribí mo ċinn ná an dream a ṫug fuaṫ dom gan áḃar: is mór cumas an luċt atá ina naiṁde dom, ar ṁian leo mo scriosaḋ, cé naċ ḃfuilim ciontaċ. 5 Dʼíoc mé iad as niṫe nár ġlac mé riaṁ: is feasaċ duit, a Ḋia, mo ṡimplíoċt, agus níl mo loċta ceilte ort. 6 Ná lig go gcuirfeaḋ mo ċás‑sa náire ar an dream a ċuireas a ndóċas ionat, a Ṫiarna Dia na slua: ná lig gur tríomsa a ṫiocfaḋ díomua ar an luċt a ṫéann do dʼiarraiḋ, a Ṫiarna Dia Iosrael. 7 Agus cad ċuige? De ḃrí go ḃfuair mé aċasán ar do ṡon: agus go raiḃ mo ġnúis ar fad dearg le náire. 8 Bím mar eaċtrannaċ le mo ḃráiṫre: agus mar ċoiṁṫíoċ ag clann mo ṁáṫar. 9 Óir is mé a ḃí lán dúṫraċta ar son do ṫí: agus na naċasáin a ċaiṫ luċt do ċáinte leat, is ormsa a ṫiteadar. 10 Ċuaiġ mé ag caoineaḋ, agus dom ísliú féin le troscaḋ: agus ḃíoṫas do mo ċáineaḋ ar a ṡon. 11 Ċuir mé orm saic‑éadaċ fós: agus ċuadar ag magaḋ fúm. 12 Bíonn an dream a ṡuíos sa ġeata do mo ċáineaḋ: agus bíonn luċt an ólaċáin dom aoraḋ. 13 Aċ, a Ṫiarna, is ċugat a ḋéanaim mʼurnaí: san am a ḃfaiġim dea‑uain ċuige. 14 Éist liom, a Ḋia, i méid do ṫrócaire: agus i ḃfírinne do ṡlánaiṫe. 15 Tóg mé as an lábán, ar eagla mo ḃáite: fuasclaítear mé ó luċt mʼḟuaṫa, agus ó uiscí doṁaine. 16 Ná báḋ an tuile uisce mé, agus ná slogaḋ an t‑aigéan mé: agus ná druideaḋ an poll a ċraos orm. 17 Éist liom, a Ṫiarna, ó bíonn do ċarṫanaċt ġráṁar mar ṡólás agam: iompaiġ ċugam de réir méid do ṫrócaire. 18 Agus ná ceil do ġnúis ar do ṡeirḃíseaċ, ó táim faoi ḃuaireaṁ: aċ déan deifir, agus éist liom. 19 Druid lem anam agus slánaiġ í: bí dom ḟuascailt, de ḃarr mo naiṁde. 20 Dʼaiṫin tú conas a fuair mé aiṫis agus náire agus easonóir: bíonn mʼeascairde uile faoi do ṡúil. 21 Tá mo ċroí briste ag an gcáineaḋ; táim lán de ṫuirse: ḃí súil agam leis an té a ḋéanfaḋ trócaire orm, aċ ní raiḃ a leiṫéid ann, agus ní ḃfuair mé na daoine a ṫaḃarfaḋ sólás dom. 22 Ṫugadar domlas dom le hiṫe: agus nuair a ḃí an tart orm, ṫugadar fínéagra le hól dom. 23 Bíoḋ a gclár ina ḋol ċun a gceapṫa agus go mba ċúis titime dóiḃ na niṫe a ḃeaḋ lena leas. 24 Dalltar a súile, ċun naċ ḃfeice siad: agus crom a ndroma go deo. 25 Lig amaċ do raċt orṫu: agus beireaḋ teas do ḋíḃeirge orṫu. 26 Bíoḋ a gcónaí folaṁ: ná raiḃ duine ann le maireaċtáil ina bpubaill. 27 Óir bíonn siad ag cur géarleanúna ar an té ar ḃuail tú é: agus ag cur síos ar conas a ċuirfiḋ siad buaireaṁ ar an té ar ġoin tú é. 28 Titeaḋ siad ó urċóid go ċéile: agus ná tagaḋ siad ċun dʼḟíréantaċta. 29 Scriostar a n‑ainmneaċa as leaḃar na mbeo: agus ná scríoḃtar iad i measc na ḃfíréan. 30 Aċ nuair a ḃímse i mboċtanas agus i mbrón: beiḋ do ċúnaṁ, a Ḋia, do mo ṫógáil. 31 Molfaiḋ mé ainm Dé le haṁrán: agus móróiḋ mé é le breiṫ buíoċais. 32 Is mó a ṫaitneoiḋ sin leis an Tiarna: ná bullán faoina aḋarca agus a ċrúba. 33 Taḃarfaiḋ an drong uṁal sin dá n‑aire, agus beiḋ áṫas orṫu: iarraigí an Tiarna, agus mairfiḋ ḃur n‑anam. 34 Óir éisteann an Tiarna, leis na boċta: agus ní ḃíonn díṁeas aige ar a ṗríosúnaiġ. 35 Bíoḋ neaṁ agus talaṁ á ṁolaḋ: an ḟarraige agus a ngluaiseann inti. 36 Óir saorfaiḋ Dia Síón, agus tógfaiḋ sé caṫraċa Iúda: ionas go mbeiḋ daoine ag maireaċtáil iontu á sealḃú. 37 Titfiḋ a oiḋreaċt ar ċlann a ṡeirḃíseaċ: agus beiḋ an dream a mbíonn grá acu dá Ainm ina gcónaí ann. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland