Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 67 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 67. Deus misereatur.

1 Go ndéana Dia trócaire orainn, agus go mbeannaí sé sinn: go dtaispeána sé solas a ġnúise dúinn, agus go ndéana sé trócaire orainn.

2 Go raiḃ eolas do ṡlí ar fuaid an talaiṁ: eolas do ṡlánaiṫe ag gaċ náisiún.

3 Molaḋ na ciníoċa ṫú, a Ḋia: ná raiḃ duine naċ mbeiḋ do do ṁolaḋ.

4 Déanaḋ na náisiúin lúċáir agus gairdeas: óir déanfaiḋ tú ceart don ṗobal, agus rialóiḋ tú náisiúin an doṁain.

5 Molaḋ na ciníoċa ṫú, a Ḋia: ná raiḃ duine naċ mbeiḋ do do ṁolaḋ.

6 Taḃarfaiḋ an talaṁ a ṫorṫaí uaiḋ ansin: agus cuirfiḋ Dia, ár nDia féin, a ḃeannaċt orainn.

7 Cuirfiḋ Dia a ḃeannaċt orainn: agus beiḋ a uaṁan ar gaċ uile ṫeorainn den doṁan.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
Lean sinn:



Sanasan