Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 61 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 61. Exaudi, Deus.

1 Éist le mo ġlaoċ, a Ḋia: taḃair cluas do mʼurnaí.

2 Glaofaiḋ mé ort ó ḋeireaḋ an doṁain: nuair is tromċroíoċ mé.

3 Cuir suas mé ar an gcarraig is airde ná mé: ó ba tú mo ḋóċas, agus mo ṫúr láidir in aġaiḋ na naiṁde.

4 Cónóiḋ mé i do ṗailliún go deo: agus beiḋ mé i muinín do sciaṫán mar ḟoscaḋ.

5 Óir dʼéist tú, a ṫiarna, lem iarratas: agus ṫug tú oiḋreaċt don dream a mbíonn eagla orṫu roiṁ dʼAinm.

6 Bronnfaiḋ tú fad saoil ar an rí: go mbí a ḃlianta ag síneaḋ ar feaḋ a dtiocfaiḋ de ġlúna.

7 Mairfiḋ sé go deo os coinne Dé: ullṁaiġ do ṫrócaire ġráṁar agus do ḋílseaċt, go gcuṁdaí siad é.

8 Is aṁlaiḋ a ṡeinnfeas mé molaḋ dʼAinm: go gcoṁlíonfaiḋ mé mo ṁóideanna gaċ lá.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
Lean sinn:



Sanasan