Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 60 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 60. Deus, repulisti nos.

1 A Ḋia, ċaiṫ tú uait sinn, agus scaip tú ó ċéile sinn: agus ḃí míṡásaṁ ort; go n‑iompaí tú orainn arís.

2 Ċroiṫ tú an tír agus rinne tú codanna di: leiġeasaiġ a cneáċa, ós corraċ atá sí.

3 Is trom ar ṫaispeáin tú do do ṗobal: ṫug tú deoċ dḟíon dúinn a raiḃ niṁ ṁarfaċ ann.

4 Ṫug tú coṁarṫa don dream darb eagal tú: go mbí bua acu de réir na fírinne.

5 Is dá ḃrí sin a fuasclaíoḋ dʼaos muintire: cuidiġ liom le do láiṁ ḋeas, agus éist liom.

6 Laḃair Dia ina naofaċt, beiḋ lúċáir orm, agus roinnfiḋ mé Secem: agus toṁasfaiḋ mé Gleann Succót.

7 Is liom Giléad, agus is liom Manasses: is é Eṗráim cuṁaċt mo ċinn; is é lúda mo ṡlat rí.

8 Is é Móab mo scála níoċáin; is ar Édóm a ċaiṫfeas mé mo ḃróg uaim: bíoḋ lúċáir ort roṁam, a Ṗilistia.

9 Cé a ṡeolfaiḋ mé isteaċ sa ċaṫair ḋaingean: cé ṫaḃarfaiḋ isteaċ in Édóm mé?

10 An é nár ḋíbir tú sinn, a Ḋia: naċ dtoileoiḋ tú, a Ḋia, dul amaċ lenár sluaite?

11 Bí mar ċaḃair againn inár mbuaireaṁ: ós díoṁaoin caḃair ón duine.

12 Is trí Ḋia a ḋéanfaimid na mór‑éaċta: óir is é a ċuirfeas ár naiṁde faoina ċosa.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
Lean sinn:



Sanasan