Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 54 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 54. Deus, in nomine.

1 Saor mé, a Ḋia, as uċt dʼAinm: baineaḋ do ċuṁaċt díoltas amaċ ar mo ṡon.

2 Éist le mo ġuí, a Ḋia: agus taḃair cluas do ḃriaṫra mo ḃéil.

3 Óir tá coiṁṫíġ i ndiaiḋ éirí im éadan: agus tá tíoránaiġ, naċ mbíonn Dia os coinne a súl, ag iarraiḋ mʼanma.

4 Féaċ, is é Dia mo ċúntóir: tá an Tiarna i ḃfoċair luċt cosanta mʼanama.

5 Taḃarfaiḋ sé olc do mo naiṁde: scrios iad de réir dʼḟírinne.

6 Taḃarfaiḋ mé duit ofráil ó ċroí ṡaor, agus molfaiḋ mé dʼAinm, a Ṫiarna: óir is mór an sólás é.

7 Óir dʼḟuascail sé mé as mo ḃuaireaṁ uile: agus ċonaic mo ṡúil a mian ar mo naiṁde.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
Lean sinn:



Sanasan