Psailm 4 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 4. Cum invocarem. 1 Éist le mo ġlaoċ, a Ḋia mʼḟíréantaċta: is tú a dʼḟuascail mé as mo ḃuaireaṁ; glac trócaire dom, agus taḃair cluas dom urnaí. 2 A ċlann na ndaoine, cá ḟad a gcuirfiḋ siḃ droċ‑ċlú ar mʼonóir: cá ḟad a ḃeiḋ an dúil sin agaiḃ sa ḃaoṫántaċt, agus a raċaiḋ siḃ i ndiaiḋ na mbréag? 3 Agus bíoḋ a ḟios agaiḃ, gur ṫoġ an Tiarna dó féin an duine atá diaganta: nuair a ġlaoim ar an Tiarna taḃarfaiḋ sé cluas dom. 4 Ná ligeaḋ an eagla daoiḃ peaca a ḋéanaṁ: laḃraígí le ḃur gcroí, agus in ḃur seomra, agus bíoḋ suaiṁneas oraiḃ. 5 Toirḃrígí íobairt na fíréantaċta: agus bíoḋ muinín agaiḃ as an Tiarna. 6 Is iomaí duine á rá: cé a ṫaispeánfaiḋ dúinn an séan? 7 Aċ tóg tusa, a Ṫiarna, solas do ġnúise orainn. 8 Is mó an lúċáir a ċuir tú ar mo ċroí: ná an lúċáir a ḃíos ar ḋaoine, in am méadaiṫe an aráin agus an ḟíona. 9 Luífiḋ mé síos i síoċáin, agus cuirfead mo ṫuirse díom: óir is tú aṁáin, a Ṫiarna, a ċuṁdaíos mo ḃeaṫa ó ḃaol. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland