Psailm 33 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 33. Exultate, justi. 1 Go mba é an Tiarna ḃur ngairdeas, a ḟíréin: óir is é an buíoċas is dual agus is dúċas ó ḋea‑ḋuine. 2 Molaigí an Tiarna leis an gcláirseaċ: seinnigí a ṁolaḋ leis an liút, agus le cruit na ndeiċ téad. 3 Canaigí aṁrán úrnua don Tiarna: go mba ard‑aigeantaċ dea‑ċroíúil a ṡeinneas siḃ a ṁolaḋ. 4 Óir is fíor é briaṫar an Tiarna: agus is dílis iad a oibreaċa uile. 5 Bíonn grá aige ar an ḃfíréantaċt agus ar an mbreiṫiúnas: tá an talaṁ lán de ṡuáilcí an Tiarna. 6 Is le briaṫar an Tiarna a rinneaḋ na neaṁa: agus rinneaḋ a sluaite uile le gaoṫ a anála. 7 Tá mar ḃeaḋ sé ag cruinniú agus ag carnaḋ uisce na farraige: agus mar ḃeaḋ an aiḃéis ṁór á cur i leataoḃ aige, i dteaċ a ṡéad. 8 Bíoḋ eagla ar an talaṁ uile roiṁ an Tiarna: bíoḋ urraim oraiḃ roiṁe, a luċt áitiṫe na cruinne. 9 Óir, is é laḃair, agus rinneaḋ aṁlaiḋ: is é dʼordaiġ, agus ba ní buanseasṁaċ é. 10 Cuireann an Tiarna coṁairle na bpágánaċ ar ceal: agus cuireann sé bearta na ndaoine ar neaṁní, agus diúltaíonn sé do ċoṁairlí na ḃflaṫ. 11 Fanfaiḋ coṁairle an Tiarna go deo: agus fanfaiḋ smaointe a ċroí ó ġlúin go glúin. 12 Is beannaiṫe an ṁuintir, arb é an Tiarna láivé a nDia: agus is beannaiṫe an cine a ṫoġ sé mar a oiḋreaċt féin. 13 Féaċann an Tiarna anuas ó neaṁ, agus aṁarcann sé ar an Áḋaṁċlann uile: bíonn a maireann ar an talaṁ á scrúdú aige óna ṫeaċ agus óna áras. 14 Bíonn a gcroiṫe uile á múnlú aige: agus níl ní dá ndéanann siad naċ dtuigeann sé. 15 Cá ḃfuil an rí a dtarrṫóḋ neart a ṡlua é: nó an fear cróga a ṫiocfaḋ slán lena mórneart? 16 Ní meastar eaċ aċ ina ní gan tairḃe ċun duine a ṡlánú: ní ṡaorfaiḋ a ṁórneart duine ar biṫ. 17 Féaċ, mar ḃíonn súil an Tiarna ar an dream darb eagal é: agus ar an dream a ṫéann i muinín a ṫrócaire; 18 Ar moḋ go slánaí sé a n‑anam ón mbás: agus go mbeaṫaí sé iad in aimsir an ġorta. 19 Bʼḟoiġneaċ a dʼḟan ár n‑anam leis an Tiarna: óir is é ár gcaḃair agus ár sciaṫ é. 20 Is é ḃíos mar ċúis ġairdis ag ár gcroí: ó ḃíoḋ dóċas againn as a Ainm Naofa. 21 Bíoḋ do ṫrócaire ċarṫanaċ, a Ṫiarna, á doirteaḋ orainn: de réir mar ċuirimid ár ndóċas ionat. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland