Psailm 30 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 30. Exaltabo te, Domine. 1 Móróiḋ mé ṫú, a Ṫiarna, mar ṫóg tú mé: agus níor lig tú do mo naiṁde a mbua a ṁaíoṁ orm. 2 Mo Ṫiarna Dia, ġlaoiġ mé ort: agus leiġeasaiġ tú mé. 3 Is tú, a Ṫiarna, a ṫug mʼanam aníos as ifreann: ċuṁdaiġ tú mo ḃeaṫa ón dream a ṫéann síos sa ṗoll. 4 Seinnigí molaḋ an Tiarna, a naoṁa an Tiarna: altaígí dó lena naofaċt a ċur i gcuiṁne. 5 Óir ní ṁaireann a ḟearg aċ seal faitiḋ na súile, agus tá an ḃeaṫa ina ḋea‑ṫoil: siúd is go ḃfanann an brón ar feaḋ oíċe, tagann an lúċáir ar maidin. 6 Is é dúirt mé agus mé faoi ṡéan, ní ḃainfear bogaḋ asam: ó ḃí tú ċoṁ maiṫ sin dom, a Ṫiarna, ag cur treise i mo ṡliaḃ. 7 Dʼiompaiġ tú do ġnúis uaim: agus is mé a ḃí buarṫa. 8 Ġlaoiġ mé ort ansin, a Ṫiarna: agus bʼḟíor‑uṁal a ḋruid mé le mo Ṫiarna. 9 Cad é an tairḃe atá im ḟuil: nuair a ṫéim síos go dtí an poll? 10 An mbeiḋ an luaiṫ ag altú duit: nó an ḃfoilseoiḋ sí dʼḟírinne? 11 Éist, a Ṫiarna, agus bíoḋ trócaire agat orm: bí agam, a Ṫiarna, mar ċúntóir. 12 Dʼaṫraiġ tú mo ḃrón go lúċáir: scaoil tú an saic‑éadaċ díom, gur ċuir tú áṫas orm. 13 Dá ḃrí sin beiḋ gaċ dea‑ḋuine ag seinm do ṁolta gan staonaḋ: a Ḋia liom, beiḋ mé á altú duit go deo. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland