Psailm 3 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 3. Domine, quid multiplicati? 1 A Tiarna, conas a méadaíoḋ luċt mo ḃuarṫa: is iomaí duine ag éirí amaċ im éadan. 2 Is iomaí duine á rá i dtaoḃ mʼanma: ní caḃair ar biṫ dó a Ḋia. 3 Aċ is tusa, a Ṫiarna, mo ċosantóir: is tú a ṫuilleas clú dom agus a ṫógas mo ċeann. 4 Ġlaoiġ mé ar an Tiarna os ard: agus ċuala sé mé amaċ as a ṡliaḃ naofa. 5 Ċuaiġ mé a ċodlaḋ, agus dʼéiriġ mé arís: óir dob é an Tiarna a ċoṫaiġ mé. 6 Ní eagal liom deiċ míle de na daoine: agus iad dom ionsaí ó gaċ taoḃ. 7 Éiriġ, a Ṫiarna, cuidíoḋ mo Ḋia liom: ó ḃuaileann tú mo naiṁde uile ar ċnáṁ an ġéill; tá fiacla luċt an oilc briste agat. 8 Is leis an Tiarna an slánú: agus bíonn do ḃeannaċt ar do ṁuintir. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland