Psailm 25 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 25. Ad te, Domine, levavi. 1 Is ċugat, a Ṫiarna, a ṫógfas mé mʼanam; is ionat a ċuir mé mo ḋóċas, a Ḋia: ná lig dom ḃeiṫ do mo náiriú, agus ná lig do mo naiṁde a ṁaíoṁ go ḃfuaireadar mo ḃua. 2 Ní ḃeiḋ náire ar ar ċuir a ndóċas ionat: aċ an dream a ċiontaíos gan ċúis, is orṫu a ḃeiḋ an aiféala. 3 Taispeáin do ṡlite dom, a Ṫiarna: agus teagasc do ċosáin dom. 4 Treoraiġ ar aġaiḋ id ḟírinne mé, agus bí do mo ṁúineaḋ: óir is tú Dia mo ṡlánaiṫe; is asat a ḃíoḋ mo ṁuinín ar feaḋ an lae. 5 Go mba ċuiṁneaċ leat, a Ṫiarna, do ṁaoṫ‑ṫrócaire: agus do ċarṫanaċt ġráṁar, ó ḃíodar ann riaṁ anall. 6 Ná cuiṁniġ ar ṗeacaí ná ar ċoirṫe mʼóige: aċ cuiṁniġ orm de réir do ṫrócaire, a Ṫiarna, agus de réir do ċineáltais. 7 Is grásṁar, fíréanta é an Tiarna: ar an áḃar sin múinfiḋ sé an tslí do na peacaiġ. 8 Treoróiḋ sé an dream a ḃíos uiríseal de réir an ċirt: agus múinfiḋ sé a ṡlí don dream a ḃíos ceansa. 9 Níl i gcosáin uile an Tiarna aċ an trócaire agus an ḟírinne: don dream a ċoṁallas a ċonraḋ agus a ḟianaisí. 10 Mar ṁaiṫe led Ainm, a Ṫiarna: bí trócaireaċ dom i mo ṗeaca ós mór é. 11 Cá ḃfuil an fear a mbíonn eagla an Tiarna air: múinfiḋ sé eolas dósan ar an slí a ṫoġfaiḋ sé. 12 Mairfiḋ a anam faoi ṡéan: agus titfiḋ oiḋreaċt na tíre ar a ṡlioċt. 13 Ligeann an Tiarna a rún leis an dream a mbíonn a eagla orṫu: agus noċtfaiḋ sé a ċonraḋ dóiḃ. 14 Bíonn mo ṡúile i gcónaí ag féaċaint faoi ḋéin an Tiarna: óir tarraingeoiḋ sé mo ċosa amaċ as an líon. 15 Iompaiġ ċugam agus déan trócaire orm: óir táim i mo ṫruán tréigṫe. 16 Tá a ṫuilleaḋ crá ar mo ċroí: taḃair slán as an ngéiḃeann mé. 17 Féaċ ar mo ḃuaireaṁ agus ar mo ḃrón: agus maiṫ dom mo ṗeaca uile. 18 Féaċ ar mo naiṁde agus a líonṁaireaċt: agus an fuaṫ fíoċṁar atá acu dom. 19 Cuṁdaiġ mʼanam agus fuascail mé: ná lig dom ḃeiṫ náiriṫe ó ċuir mé mo ḋóċas ionat. 20 Go seasa neaṁċoirṫeaċt agus ionracas dom: óir bʼasat a ḃí mo ṁuinín. 21 Taḃair Iosrael slán, a Ḋia: as gaċ géiḃeann ina mbíonn sé. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland