Psailm 138 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)Salm 138. Confitebor tibi. 1 Taḃarfaiḋ mé buíoċas leat, a Ṫiarna, ó iomlán mo ċroí: seinnfiḋ mé do ṁolaḋ os coṁair na ndéiṫe. 2 Aḋarfaiḋ mé i dtreo do ṫeampaill naofa, agus molfaiḋ mé dʼAinm, as uċt do ċarṫanaċta gráṁaire agus as uċt dʼḟírinne: óir dʼardaiġ tú dʼAinm, agus do ḃriaṫar, os cionn a ḃfuil ann. 3 Nuair a ġlaoiġ mé ort, ṫug tú cluas dom: agus neartaiġ tú go mór le mʼanam. 4 Beiḋ ríṫe an doṁain do do ṁolaḋ, a Ṫiarna: ó ċualadar briaṫra do ḃéil. 5 Is é a ḃeas á ċanaḋ acu ar ṡlite an Tiarna: feaḃas glóire an Tiarna. 6 Óir dá airde é an Tiarna, bíonn aird aige ar an drong úirísil: agus fanann sé fad a aṁairc ó ḋream an díomais. 7 Siúd is go siúlaim i lár an ḃuarṫa, taḃarfaiḋ tú sólás dom: sínfiḋ tú do láṁ uait ar ṁire mo naiṁde, agus beiḋ do láṁ ḋeas do mo ṡlánú. 8 Raċaiḋ an ċarṫanaċt ġráṁar a ḃíos ag an Tiarna dom i dtairḃe dom: is deiṁin go maireann do ṫrócaire, a Ṫiarna, go síoraí; nár ḃeag leat é a rinneaḋ le do láiṁ féin. |
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965
National Bible Society of Ireland