Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Psailm 13 - An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)


Salm 13. Usque quo, Domine?

1 Cá ḟad, a Ṫiarna, a ndéanfaiḋ tú síorḋearmad orm: cá ḟad a gceilfiḋ tú do ġnúis orm?

2 Cá ḟad a ḃeiḋ mʼanam ag cur coṁairle, agus mo ċroí faoin mbuaireaṁ seo: cá ḟad a ġeoḃaiḋ mo naiṁde mo ḃua?

3 Tugaḋ mo Ṫiarna Dia aire agus éisteaḋ sé liom: tugaḋ sé solas do mo ṡúile, ionas naċ gcodlaí mé codlaḋ an ḃáis.

4 Ar eagla go ndéarfaḋ mo naṁaid go ḃfuair sé mo ḃua: óir dá leagfaí go lár mé, ċuirfeaḋ sin lúċáir ar luċt mo ḃuarṫa.

5 Aċ bíonn dóċas agam as do ṫrócaire: is áḃar áṫais do mo ċroí do ṡlánú.

6 Seinnfiḋ mé clú an Tiarna, ó ba ġráṁar a ġníoṁarṫa liom: agus molfaiḋ mé Ainm an Tiarna, Ainm an Té is Airde.

© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965

National Bible Society of Ireland
Lean sinn:



Sanasan